Scríobhann Peadar Ó Riada faoi Fhéile na Laoch a dhéanann comóradh ar oidhreacht a athar, Seán Ó Riada a reachtáiltear gach seacht mbliana. Beidh an dara cuid d'Fhéile na bliana seo ar siúl 28-30 Meán Fómhair. 

Déantar Féile na Laoch a ghairm gach seachtú bliain i gcuimhne ar Sheán Ó Riada. Nuair a aithnítear Laoch, aithnítear na tréithe agus na gníomhartha dá gcuid gur mó ár meas orthu. An ócáid annamh, tá sé fiúntach.

Trasnaíonn Féile na Laoch mórán réimsí. Is ócáid  stairiúil thábhachtach é mar a mbreathnaítear is scrúdaítear cé h-iad  an duine Gaelach nó Éireannach agus a staid sa tsaol. Tá dhá ghné mhóra sa tsaol inniu a chuireann imní orm agus mé ag smaoineamh ar na blianta go dtí Féile na Laoch 2025.

Ní gá a rá gurb í an athrú aeráide, atá ag tárlúint lenár linn féin inniu, an gad is gaire don scórnach. Ní chuirfidh sé deireadh leis an domhan, ach cuirfidh sé deireadh leis an gcine daonna, murach go dtárlóidh  athrú míorúileach éigin go luath. Beidh méadú ar ghluaiseacht imirceach toisc an ídiú agus an creimeadh atá faoi lán tseol sna críocha i gcéin. Le himeacht na gcoillte móra, tá ganntanas  mór uisce, at tapaidh na bhfásach, easpa bídh agus dídean maireachtála ag druidiúint inár dtreo ina thonnta móra diamhaireacha. Cogadh an gnáth fhreagra a bhíonn ag an gcine daonna ar a leithéid sin.


Ach caithfear a bheith dóchasach go dtárlóidh an mhíorúilt, agus go mbeam fós ann i 2025. Tá gné eile den saol inniu atá ag cur isteach go mór orm féin. 'Sé sin an síor chogadh tréan atá dá fhaire idir chultúr Shíbhialtacht an Iarthair agus ár gCultúr Bundúchasach féin. Maróidh, nó sloigfidh ceann acu an ceann eile. Is é sin an nádúr. Cosúil leis an gcomhlucht a bhunaíonn tú, tá cultúr agus Sibhialtacht leis mar bhéiceachán de bhunóc, ag síor lorg do dhílseacht is do chabhair, is tacaíocht chun nach dteipfidh sé, agus ina theannta san, gach rud gur chreidis féin ann, is gur thugais grá agus dílseacht is taithneamh dó. Tá fuinneamh neamhspleách aige. Tá cumhacht teibí aige ar a mhuintir is a shíbhialtaigh féin. Riarann sé feachtaisí in aghaidh a naimhde – aon síbhialtacht eile, agus deineann sé iarracht iad a ghabháil isteach ina bholg féin nó iad a chur faoi chois ar fad.

Peadar Ó Riada


Tá cultúr Shíbhialtachta an Iarthair forleathan ar fuaid an domhain mhóir inniu. Is é a structúr sin a riarann gach gné dár saol. Is structúr ingearach nó lárnach é. B’é Impireacht na Róimhe a athair, agus mac leis abea an Eaglais Chríostaí ón gceathrú aois ar aghaidh, tráth gur dhiúltaigh stát- sheirbhís Impireachta na Róimhe imeacht soir go Constantinople lena mháistir ag an am. Do ghlacadar chucu an creideamh nua mar a Máistir nua. Tá an córas céanna i bhfeidhm ó shin i leith, anuas tríd na Nórmánaigh, is tríd na Sasanaigh go dtí an lá inniu. Tá an chumhacht, na h-acmhainní, an t-eolas, an smacht agus mar sin de, le fáil ag an mbarr nó an lár, agus is í an talamh a ríomhann cad is achar tíre ann. Bíonn rialacha i bhfoirm dlithe ag a leithéid de shíbhialtacht.

Má bhriseann tú na dlithe, tá pionós ann le tacaíocht fórsa – na gardaí sa tír seo - le cúirt is príosún agus mar sin de, chun an uile rud a choimeád fé riar. Má tá fadhbh sláinte agat, imíonn tú isteach go dtí an ospidéal mór sa lár. Tá na scoileanna is mó agus is tábhachtaí sa lár. Tá na hInstitiúidi agus na huirlisí cumhachta uilig sa lár, agus an chumhacht thuas ag á bharra. Bíonn céimeanna ag baint lena leithéid de structúr, agus dá ísle tú ar an dréimire sin isea is mó a chaithfidh tú géilleadh don té os do chionn i n-áirde. Is féidir é seo a fheiscint, abair, má théann tú i ngleic leis an gcóras sláinte sa tír, mar shampla.

Tá a rian le feiscint ar an gcruthaitheacht leis. Bíonn an stiúrthóir ceoil ós comhair an bhuín ceoil.  Ní ceadmhach d'aon athrú do dhéanamh ar cheol an úghdair. In éaghmuis an stiúrthóra ceoil, tá an córas rithimí scríofa go láidir i bhfoirm uimhreacha nó time signature, nó tá lucht rithime ag coimeád smachta ar na ceoltóiri eile.


Tá an tuairm forleathan, leis, gur féidir leat úinéireacht  a ghlacadh ar chruthaíocht trí chóras luachála le húsáid airgid comónta. Is féidir leat píosa  d’ealaíontóir éigin a cheannach  sa tslí céanna is atá an nós úinéireachta talúin ann, sé sin gur féidir leat píosa talún a bheith id’ sheilbh pearsanta féin. 
I gcultúr dúchasach na tíre seo, is amhlaidh a mheasfaí an talamh do bheith faoi do chúram ar feadh do shaoil. Ní h-ionann cúram agus Úinéireacht. Tá dualgas aire le cúram ná baineann le h-úinéireacht. Baineann úinéireacht le Síbhialtacht an Iarthair, agus an lámh láidir riachtanach ag tacú leis.
Leis an Síbhialtacht Dhúchasach, bhí an bhéim ar a mhalairt de chóras – an chlann leathan cheithre glúin ar a laghad. Iad lonnaithe in áitreabh go buan, de ghnáth, agus iad ag meath agus ag méadú le h-imeacht glúintibh. Bheadh a dtionchar, leis, ag athrú sa chomhthéacs sin, agus an achar talmhan leis, ag athrú, ach an phréamh san áit chéanna.

Chiallaigh sé seo gur fhorbair a bpríomh cúram/saothar saoil do réir acmhainní a n-áitreabh. B’ionann, go minic, talamh maith agus táirgiú bídh. Le droch thalamh bheadh béim ar ghné éigin eile den saol, farraige nó filíocht, ceol, leigheas, spioradáltacht, dlí nó saighdiúireacht, agus mar sin de. Thaisteal an dochtúir nó an lia chun na h-áite mar a raibh leigheas le déanamh . Thaisteal an Breithiún chun aighneas a réiteach idir dhá chlann, agus b’í an chlann a bhí freagrach go h-iomlán as gach ball den mhuintir sin. Chiallaigh sé seo cultúr mar a raibh éagsúlacht i mbarra réime, seachas le cur fé smacht. Bhí canúinn éagsúla teangan nó ceoil le clos i ngach áitreabh. Bhí bun phátrún an cheoil ag brath ar shíor athraithe beaga cruthaíocha le h-úsáid   bun-phátrúin nó tiúin mar chreatlach oibre.  Is é an éagsúlacht an rí sa chóras sin.


Ní féidir an dá shruth eagsúil sin a mheascadh, an pátrún ingearach le lár nó barr i gceannas seachas an pátrún uil-éagsúil ag síorathrú, ach coimeádta le chéile le córas dlithe is nósanna a bhí ionann is aontaithe ag cách. An duine ag obair le faitíos i gcás an chéad córais agus le seilbh ar an gcóras sa dara cás.
Sin í an chúis go mbíonn brú chun gnéithe dúchasacha do chur i ríocht inghlacaithe don saol nua aimsireach  mar ar féidir iad a mhíniú don ghluaiseacht  eacnamaíochta. Le  h-úsáid eacnamúil éigin, cé acu do Thurasóireacht nó tionscail na Fáilte, nó na Meáin &rl. aithnítear tábhacht le h-ábhar éigin dúchasach. Ach ní hé sin an úsáid cheart don abhar sin ach chomh beag le sál bróige a úsáid chun tarainge a bhualadh.

Agus sin é faitíos mo chroí anois.

Tá na bun dlithe a bhaineann le  cultúr ár síbhialtachta dá ní, dá nglanadh is dá scuabadh amach as an saol. Tá an-fháilte roimh éagsúlacht, an dualgas chun meithile agus fóirthinte, an dúil sa chomhluadar agus flaithiúlacht, an tábhacht atá le spioradálacht agus cruthaitheacht i gcomparáid le  h-úinéireacht bithe, an saibhreas saoil seachas an saibhreas rachmais, táid uilig ag dreo. Déanfaidh an t-athrú seo daoine stróinséartha, cruaigh dínn. Le cúnamh Dé ná feicfead an Éire ná an saol sin.

Beidh an dara cuid d'Fhéile na bliana seo ar siúl 28-30 Meán Fómhair- tá gach eolas le fáil faoin bhféile anseo