I gclár faisnéise nua de chuid The Doc on One ar RTÉ Radio One, tugann Kieran Devaney spléachadh dúinn ar shaol Phatsy Dan Mhic Ruairí, Rí Thoraí.

Cara leis an Rí is ea Kieran agus insíonn sé scéal a gcairdis agus scéal Phatsy ar Oileán Thoraí le linn an chláir. Anois agus ailse ar Khieran agus Phatsy, araon, tá dearcadh eile acu ar an saol. 

Craoltar The Doc on One ar RTÉ Radio One Dé Sathairn ag 1.00 i.n.