Labhair muid le Dean Farrell, file agus scríbhneoir, chun a chuid ealaíne a phlé mar chuid den tsraith, "Cruthaitheach. Aiteach. Gaelach." I measc na n-ábhar a phléann Dean, 'cumhacht faoi leith' na Gaeilge agus an streachailt a bhaineann le féiniúlacht a chur in iúl.

Labhair Dean faoin tábhacht a bhaineann lena shaothar filíocht chun é féin a chur in iúl mar bhall den phobal aerach. Deir sé gur slí í an fhilíocht le dul i ngleic leis an 'streachailt féiniúlachta' a bhrathann an pobal aiteach. 

Maidir le ceist an phobail LADTA i nGaeilge, tá Dean den tuairim go bhfuil sé ann agus 'ag éirí agus ag fás i gcónaí'. Molann sé saothar Mhícheal Uí Chonghaile agus Chathal Uí Shearcaigh ach go háirithe atá ag obair i nGaeilge le fada an lá.

Tá Dean den tuairim go bhfuil an Ghaeilge feiliúnach don té atá aerach mar go bhfuil tuiscint idir an an dá phobal a bhí nó atá fós 'faoi chois' agus 'faoi bhrú'. Cé go leagann Dean béim ar an bhféiniúlacht' aerach, deir sé nach mbaineann gach dán a scríobhann sé  le cúrsaí aiteachta.

 Phléigh muid an nasc idir an Ghaeilge agus an fhilíocht, agus tábhacht an ealáin sa phobal aiteach agus gaelach.

Dean Farrell