Labhair an Corcaíoch, Breandán Ó Murchú le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina thaithí ar an nGaeilge i gCorca Dhuibhne agus a mhac, Cillian Murphy. 

Bhí Breandán trí bliana déag d'aois sa bhliain 1958, nuair a tháinig sé go Corca Dhuibhne don chéad uair agus deir sé gur shíl sé go raibh sé 'ar neamh' nuair a bhain sé an áit amach. Chaith sé suas le mí ag foghlaim na Gaeilge agus ag fanacht le teaghlach, deir sé gur athraigh an tréimhse sin a dhearcadh ar an saol.

Cé gur Ciarraíoch ab ea a athair, níor thuig sé go raibh a leithéid d'áit ann agus paróiste Dhuibhneach, bhí sé den tuairim go dtitfidís 'd'imeall an domhain' mar go raibh siad ag dul chomh fada sin siar sa tír. Deir Breandán go raibh an nós ann féachaint soir seachas siar, an uair sin.

Mac Bhreandáin, Cillian. 

Fuair Ó Murchú fáilte Uí Cheallaigh nuair a tháinig sé timpeall agus deir sé go ndeachaigh an áit agus na daoine go mór i bhfeidhm ar a shaol ar fad toisc an dearcadh 'difriúil' a bhí agus atá go fóill ag muintir na háite. Bhí Breandán chomh tógtha leis an áit agus leis an teanga go ndeir sé go raibh sé deacair air filleadh ar an mBéarla nuair a d'fhág sé ceantar na Gaeltachta.

Athair ceathrar páistí is ea Breandán, beirt mhac agus beirt iníonacha, duine acu sin is ea an t-aiseoir Cillian Murphy. Tá Breandán 'ana-mhórálach' as an méid atá bainte amach ag Cillian agus a chuid páistí eile freisin. Leag sé béim faoi leith ar neamhspleáchas a chlainne agus iad ag fiosrú a mbealaigh féin. Deir sé go raibh Cillian riamh 'láidir ina aigne'.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00