Is léir go bhfuil aitheantas domhanda ag cláir réaltachta áirithe agus ag na réaltaí teilifíse bainteach leo, agus is cinnte go raibh rath orthu slí bheatha a bhaint amach as na cláir sin, ach an mbeadh "Dance Moms" agus "Keeping Up With The Kardashians" rathúil fós dá mba rud é go raibh siad suite sa tír seo?

1. Naked and Afraid

Is clár amhrasach é seo cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos amhrasaí sa tír seo. Cad a bheadh i gceist leis? Beirt thuathánach a sheoladh chuig Cathair Bhaile Átha Cliath? Béarlóirí a sheoladh chun na Gaeltachta i nGaillimh? Bheadh scileanna marthanais den chéad scoth ag teastáil is dócha!

2. Dance Moms

Is ó Dance Moms a tháinig Maddie Ziegler agus d'aithneodh gach duine a hainm ar na saolta seo ón bhfíseán ceoil "Chandelier" nó "Elastic Heart" le Sia. Ach cé go bhfuil Irish Mammies lán chomh craiceáilte leo siúd sna Stáit Aontaithe, ní dóigh liom go n-oibreodh clár bunaithe ar chomórtais rince Gaelach agus is cinnte nach mbeadh suim ag Sia ann...Ach tá Irish-Dance Mammies greannmhar mar choincheap ar aon nós!

3. Love Island

Is cinnte go bhfuilimid go léir gafa le Love Island faoi láthair, ach is dócha nach n-oibreodh sé sa tír seo...Tá aimsir bhreá de dhíth agus cé go raibh  aimsir den scoth againn le déanaí, ní féidir brath uirthi. Ach bheadh Love Island trí Ghaeilge den scoth. Bheidís in ann é a thaifeadadh ar Oileáin Árann!

4. Keeping Up With The Kardashians

Is dócha go bhfuil an tsraith seo ar cheann de na sraitheanna is cáiliúla ar domhan, ach cé a bheadh ar leagan Éireannach? Tá clú agus cáil ag James Kavanagh cheana féin ó Snapchat agus Instagram agus is dócha go mbeadh suim ag an bhfear seo sraith dá chuid féin a thosú ar RTÉ. Táimid go léir tógtha leis agus le William, ach anuas air sin, tá caidreamh idir a dheartháir agus Conor McGregor freisin agus is cinnte go mbeadh sé sin suimiúil! Bhreathnóinn air ar aon nós! 

5. The Real Housewives of Beverly Hills

Carraig an tSionnaigh, Cill Iníon Léinín, nó Deilginis...cá mbeadh an clár seo suite dá mbeadh sé  i mBaile Átha Cliath. Is léir go ndíreodh sé ar na "Yummy Mummies" go léir i mBaile Átha Cliath Theas ag dul i gcomhair bróinse nó chuig an club tuaithe...The Real Housewives of SoCoDu* is dócha. 

*(South County Dublin)