Ar Arena ar RTÉ Radio One, chuaigh Kay Sheehy chuig chéad chleachtadh do choirm ceoil Mhíchéal Uí Shúilleabháin 'Between Two Worlds' a bheidh ar siúl ar an 29 Meitheamh sa Cheoláras Náisiúnta.

Bhuail sí le hamhránaithe ar an sean nós, Lillis Ó Laoire, Síle Denvir agus Iarla Ó Lionáird ag obair ar shaothar an mhórfhile, Seán Ó Ríordáin a chur le ceol an chumadóra, le tionlacan ón RTÉ Symphony Orchestra.

Labhair Kay le Mícheál Ó Súilleabháin faoin spéis atá aige féin agus na hamhránaithe araon, i bhfilíocht an Ríordánaigh, deir sé go bhfuil Lillis, Síle agus Iarla chomh tógtha leis féin leis an bhfilíocht "they are literally in love with his poetry"

"I call him the Hitchcock of Irish poetry because there's a huge amount of darkness and horror in what he writes about"

Seán Ó Ríordáin

Luann Ó Súilleabháin dánta faoi leith a chuaigh i bhfeidhm air a bheidh le cloisteáil mar chuid den oíche, Adhlacadh mo Mháthar, Reo agus Fill Arís  agus na dúshláin a bhaineann le sean nós a chur le filíocht;

"The test really is, how can I set these texts in a way that a sean nós singer can sing them without feeling that they're being dragged over some sort of a cultural line that they feel uneasy with"

Obair faoi leith í triúr amhránaithe as Gaeltachtaí éagsúla a chur ag ceol i dteannta a chéile agus iad ag iomarscáil le canúintí a chéile. Mar a chloiseann muid, de réir mar a théann an cleachtadh ar aghaidh, is ea is fearr a éiríonn leis an triúr dul i dtaithí ar a chéile.

"It's a bit like pulling a bit of bubble gum or elastic, it's a standard size but the music has an elasticity in it. If you can find or touch that elasticity and draw it out without breaking it." a deir Ó Súilleabháin.

Gach eolas faoin gceolchoirm anseo

Craoltar Arena ar RTÉ Radio One, Luan go hAoine, 7-9 i.n.