Bíonn muid ag súil leis an albam bliantúil ó 2fm, Raidió RíRá agus Conradh na Gaeilge gach aon bhliain. Anuraidh, bhí Ed Sheeran le cloisteáil agus i mbliana, Wheatus agus anois ar sárghrúpa, Kodaline!

Is cosúil go raibh tréimhse ghnóthach ag an Taoiseach mar nach bhfaca sé leagan Gaeilge den Teenage Dirtbag go dtí inniu- ach tá sé an-tógtha leis, is léir!

Kodaline i mbun ceoil ag 2fm

An chéad traic eile? Bígí ag éisteacht le clár Eoghan Mc Dermott ag 4 i.n, Luan go hAoine ar 2fm go gcloisfidh sibh é!