Rinne an scríbhneoir, Áine Ní Ghlinn léirmheas ar Phléscéal, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chnuasach deireanach Liam Uí Mhuirthile, nach maireann, a d'eascair as an oilithreacht a rinneagus é ag siúl ar an gCamino, Camino de Santiago, Dánta.

I mBéarla, i nGaeilge, i Spáinnis agus i nGailísis atá an cnuasach seo, a d'fhoilsigh Cois Life. Cnuasach 16 dán é seo a chuireann 'machnamh'  i gcuimhne d'Áine agus cuid den fhilíocht 'mar a bheadh mantra' ann.

Sa bhliain 2015 a rinne Ó Muirthile siúlóid an Chamino agus d'fhoilsigh dialann próis bunaithe ar a thaithí ann. Deir Áine gur filíocht í seo nach bhfuil cosúil le filíocht eile de chuid an fhile, tá sí 'ana-ghairid, ana-dhomhain, ana-phearsanta'.

Deirtear gur aistear spioradálta é siúlóid an Chamino agus go deimhin, dhearbhaigh Ní Ghlinn go bhfuil an spioradáltacht chéanna le brath tríd an gcnuasach agus go n-airíonn tú an file 'ag smaoineamh agus é ag scríobh'.

Luann Tristan, láithreoir Pléscéal go bhfuil 'luas agus rithim a thógann chuig áit mhacnamhach tú' sna dánta. Chríochnaigh Áine a léirmheas le moladh mór don fhile nach maireann, mar fhile a bhí 'chomh léannta sin mar dhuine'

Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo

Craoltar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 4.30 agus 6.00, Luan go hAoine.