Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le Cúnla Morris ar Bhláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chúrsaí inscne, mar go n-aithníonn Cúnla iad féin mar dhuine neamh-dénártha.

Le tamaill anuas, tá claochlú ag teacht ar an gcaoi a smaoiníonn muid ar inscne agus ar an gcaoi a gcuirtear inscne in iúl. Deir Cúnla go bhfuil siad níos compordaí leis na forainmneacha siad/iad seachas sé/sí mar "nach bhfeileann" siad go hiomlán isteach sna boscaí fireann nó baineann.

Deir Cúnla go bhféadfadh an duine neamh-dénártha a bheith  "idir an dá rud (inscne) nó nach ceachtar rud atá iontu nó atá ag athrú idir eatarthu".

Cúnla Morris a labhair le Bláthnaid Ní Chofaigh. Grianghraf le Lig Kennedy.

Bhí 'fhios ag Cúnla nár fheil siad de na boscaí inscne ó bhí siad an-óg, luadh an focal 'tomboy' ina leith ó bhí siad ina bpáiste agus aon uair go raibh suirbhé ann agus rogha ann idir 'male, female, other' go raibh an claonadh acu tic a chur le 'other'.

Deir Cúnla go raibh tréimhse ann nuair a d'athródh siad an inscne ó lá go lá ach go bhfuil siad níos compordaí anois le neamh-dénártha toisc gur téarma oscailte atá ann. Le linn na tréimhse seo agus iad "ag oibriú rudaí amach"deir Cúnla go mbíodh siad ag dúiseach ar maidin agus ag déanamh rogha idir "mo phush-up bra nó mo bhinder a chaitheamh".

"Nuair a ghlaonn daoine 'sí' orm, deirim gur fearr liom 'iad' ach ní éirím corraithe, bhínn ag éirí an-chorraithe"

Luaigh Cúnla go bhfuil tacaíocht mhór ar fáil dóibh óna dteaghlach agus go bhfúil siad an-bhuíoch mar go dtuigeann siad gur "nightmare teenager mé fós" a deir sí ag gáire.

Is iad BelongTo agus TENI a chuireann seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil imní orthu faoina inscne.

Craoltar Bláthnaid Libh maidin Shatharn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11 agus meánlae.