Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbronnfar gradam idirnáisiúnta litríochta Herbert ar an bhfile, Nuala Ní Dhomhnaill. Labhair sí le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin duais agus an troid a dhéanann mná a gcearta a bhaint amach.

File aitheanta í Nuala Ní Dhomhnaill atá ag scríobh faoi chás na mban le blianta fada. Ag tagairt do dhán amháin dá cuid 'Táimid damanta, a dheirféaracha', d'iarr Helen Ní Shé ar Nuala ar shíl sí go raibh aon ní athraithe i saol na litríochta do mhná. Dúirt Nuala go bhfuil streachailt fós i gceist do mhná ár linne cé go bhfuil rudaí 'níos fusa' ná mar a bhí siad.

'Caithfear i gcónaí a bheith ag troid, mura mbeidh tú ag troid ní bhainfidh tú do chearta amach. Sin é an saol'

Deir sí, áfach go bhfuil an scéal beagán níos fearr i saol na Gaeilge mar go bhfuil an focal 'banfhile' in úsáid ó bhí An Táin ann. Ní hamhlaidh an scéal sa Bhéarla, ina tuairim, 'go dtí le fíordhéanaí, an focal 'woman' agus an focal 'poet', níor bhaineadar leis an mbosca céanna in aon chor. Bhíodar i mboscaí difriúla ar fad.'

Tugann Nuala suntas go bhfuil an duais Herbert á bronnadh ar fhile atá ag saothrú i mionteanga, rud atá 'an-tábhachtach' di:

'Ciallaíonn sé anois go nglactar go hidirnáisiúnta le Gaolainn mar theanga idirnáisiúnta, nua-aimseartha atá oiriúnach don lá inniubh'

Nuair a bhí sí níos óige, deir sí gur bhraith sise agus 'mórán eile' dualgas an Ghaeilge a shlánú ach anois 'ní fúinne atá sé, ag an bpointe seo, tá an saol maith mór ann, agus an dream óg.'

'Ní theastaíonn uaim a bheith ag ardú an ualaigh sin níos mó'

Bronnfar Duais Herbert ar Nuala Ní Dhomhnaill i Warsaw na Polainne ar an 10 Bealtaine.

Craolfar An Saol Ó Dheas ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00.