Labhair muid le Sorcha Ní Riada, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4 faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan, an spreagadh a thug a máthair di agus an obair atá le déanamh go fóill le cothromas a bhaint amach.

Cé hí an bhean is mó a spreagann tú i do ghairm agus i do shaol?

Is dócha gurbh í an bhean is mór a spreagann mé ná mó mháthair, Ruth Ó Riada. Duine láidir neamhspleách ab ea í agus cé go raibh go leor dúshlán ina saol bhí sí i gcónaí dearfach agus ábalta an leas ab fhearr a bhaint as cursaí. 

Fágadh ina baintreach í agus í ana óg le seachtar leanaí aici - ach in ainneoin sin d'obair sí go dúthrach ar son an pobal aitúil a bunú comhar chumann agus a togáil teach ar an sean déanamh le earraí lámh dhéanta ag na mná aitiúla a dhíol agus imeachtaí a chur ar siúl do thurasóirí.

Anuas ar sin bhíodh sí a scríobh alt rialta i nGaeilge don Kerryman ins na seachtoidí - tráth nárbh ghnách do mhná bheith ag obair las muigh den teach. Spreag sí grá don leitheoireacht don dteanga agus dár n-oidhreacht ina cuid paistí ar fad agus cé go bhfuair sí féin bás i 1977 agus í 47 bliain d'aois mothaim go mbreithim liom ná luachanna agus na ceachtanna a d'fhoghlaim mé uaithe go dtí an lá atá inniu ann. 

An dóigh leat go bhfuil comhionannas bainte amach ag mná na tíre seo?

Is cuimhin liom tuairiscí Nuachta a fheiscint agus mé im chailín óg tráth ar tugadh isteach dlíthe faoi chomhionnanais pá. Cé nár thuig mé i gceart é ag an am, chuaigh sé i bhfeidhm orm ná geobhadh mná agus fir an íocaíocht chéanna as an obair chéanna - beag a cheap mé go mbeidh cursaí amhlaidh breis agus dhá scór bliana níos deanaí.  Ní doigh liom gur féidir a rá go bhfuil comhionnanais bainte amach againn go dtí go mbeidh comhionnanais pá ann agus go dtí go mbeidh ionadaiocht ceart ag mná sa Dáíl sa Seanad agus i bpostanna feidhmiúcháin ins na comhlachtaí móra agus eagraiochtaí agus ranna stáit ar fad.

An bhfuil fiúntas ar bith le Lá Idirnáisiúnta na mBan, i do thuairim?

Sílim go bhfuil fiúntas le Lá Idirnaisiúnta na mBan gan aon dabht. Meabhraíonn sé do dhaoine go bhfuil go leor fós le baint amach ó thaobh cearta na mban ní h-amháin sa tír seo ach ar fud an domhain. Sílim go bhfuil sé tabhtach go h-áirithe nuair a ghlactar leis i roinnt tíortha ar fuaid an domhain nár chomhair go mbeadh na cearta ceanna ag mná agus atá ag na fir.

Nuair a dhéantar dlithe mar gheall ar cad ba chomhair do mná a chaitheamh agus cén imeachtaí gur chomhair dóibh páirt a ghlacadh iontu - nuair a fhéachtar orthu mar mhaoin gan cearta dá gcuid féin - tá sé tábhachtach go mbeidh guth cearta na mban ard agus láidir le go gceistíodh daoine ar fuid an domhain an dearcadh atá acu faoin gceist seo. 

Is í Sorcha Ní Riada Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4.