Tá Lá Idirnáisiúnta na mBan ag teannadh linn agus labhair muid le Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir le Nuacht RTÉ faoi fhiúntas an lae, ina tuairim agus an dul chun atá fós le déanamh ag mná na tíre seo.

Cé hí an bhean is mó a spreagann tú i do ghairm agus i do shaol?

Is iomaí uair a n-athraíonn mé m'intinn faoin gceann seo, ach tar éis a leabhar a léamh faoi Nollaig tá mé ar ais ina campa arís. Hilary Clinton. Ní h-aon naomh í, ach taispeáin dom saoi gan locht. Ón uair a d'fhreastal sí ar an ollscoil, tá a saol caite aici ag bualadh ar an ngloine briste. Idir a post mar dhlídóir, mar bhean chéile ag Bill, a seal sa Teach Bán, a seal mar Sheanadóir agus Stát-Rúnaí, agus sa deireadh, an bealach a throid sí ina h-iarracht síleáil na hUachtaránachta a bhriseadh.

"Is cuimhin liom fadó gur dhúirt múinteoir linn sa scoil go mbeadh an saol i gcónaí níos deacra do bhean a bhí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus níor thuig mé i ndáiríre céard a bhí i gceist aici. Tuigim anois é. "

Caithfidh mé mná eile a lua chomh maith, Clare Balding, mo bheirt mhamó nach bhfuil linn níos mó, agus Mary Robinson. Arís, nuair a toghadh ina hUachtarán í, níor thuig mé ag an am gur tada aisteach a bhí ann, agus mar sin ó bhí mé i mo chailín beag, ní dhearna mé aon iontas as bean a bheith ina hUachtarán. 

Luann Máire Treasa Hilary Clinton mar spreagadh

An dóigh leat go bhfuil comhionannas bainte amach ag mná na tíre seo?

Níl. Tá muid níos giorra, ach níl muid i bhfoisceacht scread asail den chomhionannas. Cinnte, má chuirtear ceist ar aon áisíneacht nó eagraíocht beidh siad ag iontach ag tabhairt le fios a gcuid polasaithe comhionannais agus na mná atá faoina scáth, ach caith conspóid amach agus feicfidh tú an chaoi an bhfuil rudaí i ndáiríre. Is cuimhin linn ar fad an chraic faoi na cuótaí inscne sa Dáil, agus arís nuair a bhí sé de dhánaíocht ag an Aire Stáit Spóirt ag an am, Patrick O'Donovan cúotaí inscne a lua. Breathnaigh freisin go raibh foireann ban sacair na hÉireann stailc a bhagairt le héadaí reatha a fháil. Chuir sé as do go leor, fir den chuid is mó. Tá difríochtaí pá fós ann, agus níos measa ná sin, tá difríochtaí sna coinníollacha oibre go minic.

Foireann ban na hÉireann

An bhfuil fiúntas ar bith le Lá Idirnáisiúnta na mBan, i do thuairim?

Tá sé tábhachtach. Coinníonn sé i mbéal an phobail é. Ní athróidh aon rud gan plé agus díospóireacht. Cothaíonn sé comhrá agus is maith sin. Ach an oiread leis an chaint a bhíonn ann gach bliain ar an líon mór daoine a théann go Páirc an Chrócaigh do chluiche ceannais peile na mban (nach iontach muid ag dul amach ag breathnú ar mhná!), tá súil agam go dtiocfaidh an lá nach mbeidh an t-iontas sin ann níos mó, agus go dtiocfaidh an lá nach mbeidh lá idirnáisiúnta na mban ag teastáil. Tá sé ag teannadh linn. Ach níl muid ann fós. Tá súil agam nach gceapann daoine go bhfuilim éadósach, mar níl. Bhí guth ag mná arriamh, ach níor cloiseadh é go dtí le deirnigh. 

Is iriseoir nuachta í Máire Treasa Ní Cheallaigh le Nuacht RTÉ.