Titeann Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta. Labhair muid le Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoi na mná a spreagann í agus an uair ar fágadh na mná 'sna fataí lofa'.


Cé hí an bhean is mó a spreagann tú i do ghairm agus i do shaol?

An bhean is mó a spreagann mé i mo shaol pearsanta agus gairme faoi láthair ná Grace Dyas,  bean nár bhain aon cháil amach di féin ach thóg seasamh láidir agus thug guth do mhná na hAmharclainne. Is cinnte nach bhfuil uaithi ach a gairm beatha a bhaint amach gan aon duine déanamh beagán di.  Iarrtas simplí shílfeá!  Thuig muid ar fad nuair a chuala muid scéal Grace go raibh sé do chead againn a rá nach raibh muid sásta cur suas leis seo. B'fhéidir go bhfuil teachtaireacht eile ann agus sin go bhfuil dualgas orainn labhairt amach.

Grace Dyas

An dóigh leat go bhfuil comhionannas bainte amach ag mná na tíre seo?

Níl comhionannas bainte amach ag mná na tíre seo ná mná an domhain ach caithfear breathnú ar chomhionannas i gcomhthéacs cultúrtha, bhí muid chomh gar dhó le linn an Éirí Amach.  Chonaic muid Cumann na mBan gníomhach i gcúrsaí cearta daonna dul i ngleic le bochtanas, oideachas agus sláinte agus nuair a tháinig muid gar dhó, lig na fir síos iad, ghéill siad ag faire ar chumhacht dhóibh féin. Agus ina dhiaidh sin tháínig an Eaglais le áit an chóilíneacht a thógáil agus fágadh na mná sna fataí lofa ach samhlaigh dá bhfanfaidís dilís do na mná! 

Bláthnaid agus a beirt pháiste, Síle agus Peadar.

An bhfuil fiúntas ar bith le Lá Idirnáisiúnta na mBan, i do thuairim?

Tá fiúntas le Lá Idirnaisiúnta na mBan mar i gcúinní beaga ar fud an domhain tá aitheantas le tabhairt do mhná, mura bhfuil ann ach go dtuigfeadh daoine nach bhfuil muid ag iarraidh bheith cosúil le fir agus go inscne ann féin muid ní an dara inscne.

Craoltar Bláthnaid Libh, clár raidió Bhláthnaid ar an Satharn, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11 agus 12.