Ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge, labhair Máirín Ní Ghadhra le painéal cainteoirí faoina bhfuil le ceiliúradh ag an eagraíocht 125 bliain i ndiaidh a bunaithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dr Niall Comer, Cuan Ó Seireadáin, Cartlannaí Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir abhcóidíochta Chonradh na Gaeilge, Fiona Ní Fhrighil, IT Thrá Lí agus Michelle D’Altuin, Gaelcholáiste Thrá Lí a bhí ar an bpainéal. 

Labhair an painéal faoi ról na Gaeilge sa sochaí; cúrsaí oideachais, an fhéiniúlacht a bhaineann leis an teanga, An Ghaeltacht agus an brú atá ar an rialtas ó thuaidh Acht na Gaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer go bhfuil fadhb na Gaeltachta casta toisc nach mbaineann sé le fostaíocht amháin ach "easpa saoil", i ngeall ar an mbánú tuaithe ag tarlú go leanúnach. 

Craoltar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn idir 10 agus 11 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.