Anam Mná


Deireann daoine linn go bhféadfaimis gasúr eile a bheith againn, ach ní réitíonn an chaint sin chor ar bith liom. Táim bunáite ceathracha bliain d’aois, agus sílim go mbeinn róshean; bheadh faitíos orm, cé go raibh i gceist againn an chéad uair an dara gasúr a bheith againn.

Pé ar bith é, ní réiteodh gasúr nua ár gcás. Tá gasúr básaithe, gasúr a dtugamar beatha agus grá di. Arbh agairt ó Dhia é faoi muid a bheith in éindí chomh fada gan cuing an phósta a dhul orainn, faoi muid a bheith ag fuireach go mbeimis réidh? Cé gur smaoineamh é sin a ndéanfainn magadh faoi tráth, a ndéarfainn é a bheith seafóideach, ní fhéadaim é a chur as mo cheann anois. Brian is mé féin, bhíomar inár leannáin mheánscoile ach go ndeachamar ar ball ar ár mbealaí féin i ngeall ar ár n-uaillmhianta gairme; go dtí gur chasamar ar a chéile arís agus go ndeachamar chun cónaithe le chéile agus gur cheannaíomar an teach mór seo ar gheall le teachtaireacht ó Dhia chugainn é, dar linn, an chaoi a dtáinig sé ar an margadh.


Áras Seoirseach dhá urlár, mar a fheiceann tú, siléar nó íoslach faoi, seandacht agus stair ag gabháil leis, ascaill fhada go dtí é, fáibhilí móra maorga ó gheata go bán, é ar chnocán aoibhinn i ngar do shráidbhaile álainn. Suíomh níos deise ní raibh ann, scór míle ó lár na hardchathrach. Agus cé go raibh droch-chuma go maith air, toisc é a bheith bánaithe le píosa, mheall an dá fhuinneog mhóra
Fhrancacha láithreach muid, arae chonaiceamar gur scal an t-uafás solais isteach tríothu, agus is duine é Brian, agus mise freisin, ar breá linn an t-athchóiriú.

Tráthnóna i ndiaidh tráthnóna, deireadh seachtaine i ndiaidh dheireadh seachtaine, bhíomar ar ár mbionda ar nós béabhar ag stróiceadh amach idir sheanbhrait urláir is seantaipéisí balla, idir sheanspiaraí adhmaid is phéint is vearnais, muid ag imeacht ó sheomra go seomra; ón seomra fáiltithe go dtí an seomra suite go dtí an seomra bia, go dtí na seomraí leapan, á gcóiriú amach ar a mbealach suntasach féin.


Aislingí go leor againn. Chruthaíomar oifig is stiúideo nua; chuireamar caoi ar na cróite agus ar na stáblaí; na
seancheapóga blátha, an clós agus an bán, thugamar chun foirfeachta arís iad. Nuair a bheadh chuile shórt ina shea, bheadh áilleacht mhór ann, earrach, samhradh, fómhar, agus geimhreadh. Agus bheadh cúram orainn, beirt ghasúr áille – buachaill agus cailín – ag spraoi, ag dreapadh na gcrann agus ag imirt
folach bhíog.

B’iontas liom a éasca is a thosaíos ag iompar ón uair a shantaíos sin. Bhínn ag tógáil an phiolla, agus óir go gcomhairlítí nár chóir a dhul ag iompar de dhoirte dhairtethéis a bheith air sin, bhain Brian úsáid as coiscín ar feadh achair. Ní fhéadfainn a chreistiúint a ríméadaí is a bhíos go rabhas ag iompar. Ba mheasa mé ná buinneán óg agus d’fhógraíos an dea-nuaíocht do Bhrian ar an gcaoi ba rómánsúla: thugas cuireadh amachgo dtí trá Chill Iníon Léinín dó. Chuamar amach sa charr, cé go raibh brath agam an chéad uair a dhul ar an traein.

D'fhoilsigh Cló Iar Chonnacht an cnuasach seo agus tá sé ar fáil anseo