an léiritheoir ceoil Bernhard Fleischmann ó Vienna na h-Ostaire ag eisiúint albaim faoin ainm B. Fleischmann le geall le scór bliain.‘Stop Making Fans’ a thugann sé ar a chéad fad-cheirnín ó 2012 atá ar fáil anois ar Morr Music. 

Mar mhíniú ar an dteideal, ní raibh aon fhonn ar nua-cheol a chruthú ó d’eisigh sé an saothar san go dtí le gairid, os rud é go raibh sé ag machnamh ró-dhoimhin ar cé’n saghas ceol a cheap sé a bheadh a lucht leanúna ag tnúth leis uaidh. 

Ach anois, tá sé ag cumadh ceoil ar mhaithe leis féin agus má thaitníonn sé leat, tá fáilte romhat ar bórd.

Tá lorg na saoirse cruthaitheach le mothú tríd an albaim nua seo ach go h-áirithe ar an bpop-amhrán séisiúil, tarraingteach seo  - áit a chloisimíd a chara Gloria Amesbauer ag canadh ina theannta. Seo amhrán gliondarach atá ag scuabadh na cosa fúm ar bhonn laethúil ó chuala ar dtúis é.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22.00 agus 00.00 ón Luan go hAoine.