Labhair stiúrthóirí Scoil Cheoil an Earraigh, Niamh Ní Bhaoill agus Breandán Ó Beaglaoich le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil pleanáilte don fhéile ach go háirithe cuairt an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn.

Deir Niamh agus Breandán go bhfuil siad 'ag treabhadh' leo ag ullmhú do Scoil Cheoil An Earraigh na bliana seo. I measc bhuaicphointí na féile, tá ceolchoirmeacha le Mícheál Ó Súilleabháin, Carlos Núñez Muñoz agus Nell Ní Chróinín agus dár ndóigh, cuairt an Uachtaráin.

Chomh maith le ceolchoirmeacha, deir Niamh gurb iad na ranganna le ceoltóirí 'bunchloch' na féile. Agus fiú murach an urraíocht a chuirtear ar fáil, bheadh na ranganna fós ann, deir Breandán:

'Deirimid i gcónaí, dá dteipfeadh ar an urraíocht ar fad, go gcoimeádfaimis na ranganna sa tsiúl, mar siad sin cnámh droma an rud ar fad'

I measc na gceoltóirí a bheidh ag tabhairt ranganna, beidh Steve Cooney, Breandán féin agus Rosie Mc Kenzie.

Deir Breandán gur breá leis na ceoltóirí teacht go Corca Dhuibhne don fhéile agus 'muintir na háite a theacht chun cainte leo'.

Beidh Scoil Cheoil an Earraigh idir an 14 agus 18 Feabhra i mBaile an Fhéirtéaraigh.

Craoltar An Saol Ó Dheas, 12:08 - 13:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.