Labhair Máire Áine Ní Chuaig ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le beirt bhan faoina dtaithí le meiningíteas; Máire Ní Bhriain ar cailleadh a hiníon, Sadhbh de bharr an ghalair agus Daráine Ní Mhaoilmhíchíl a chaill a dá chois agus í ina déagóir. 

Shíl Dairáine go raibh drochshlaghán uirthi mar go raibh na comharthaí a bhí aici  'an-chosúil le slaghdán'. Dúirt sí gur tháinig an dochtúir chuici agus dúirt sé go raibh 'fliú olc ag dul thart' agus go raibh Dairáine den tuairim go mbeadh uirthi 'an lá sa leaba' agus go mbeadh sí go breá ina dhiaidh. 

Níos déanaí an oíche sin, d'aithin máthair Dhairáine gur meiningíteas a bhí uirthi mar gheall ar na spotaí beaga a bhí ar a lámha. Faoin am gur shroich siad an t-ospidéal amach, bhí Dairáine go dona tinn. Chaill Dairáine a dá chois agus méaracha ar a lámha mar gheall ar an ngalar ach deir sí nár stop sin í 'ag iarraidh an gnáthrud a dhéanamh. I slí, uaireanta, nuair a tharlaíonn rudaí olca, mar sin, is spreagadh atá ann'.

Labhair Máire faoina hiníon Sadhbh a cailleadh mar gheall ar mheiningíteas sa bhliain 2009. Luaigh sí go raibh bearna 3 uair a chloig ann idir an uair ar shiúl Sadhbh isteach chuig an ospidéal agus an uair go bhfuair sí antaibheathaigh ach nach bhfuil an 'spás' ag foireann an ospidéil  a admháil go ndearnadh botúin in a cúram. Dúirt sí nach raibh nach raibh an fhoireann oscailte nó díreach lena teaghlach faoina méid a tharla do Shadhbh agus go gcuireann sin isteach go mór uirthi. 

"Dá ndéarfadh dochtúir liom, tá brón orm, tá mo chroí briste mé féin, rinneamar botúin, bhí bearna rómhór, níor tharla rudaí sách scioptha, ní rabhamar 'on the ball', na fáthanna uilig, bheinn in ann é sin a sheasamh."

Craoltar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 9:15 - 10:15 Luan - Aoine