Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le Jack Delaney, duine den lucht siúil, ar a clár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi staid reatha an lucht siúil agus an cheangail a fheiceann sé idir an lucht siúil agus lucht na Gaeilge.

D'fhág Jack an scoil nuair a bhí sé ceithre bliana déag agus é ag caint ar an taithí a bhí aige sa scoil dúirt sé gur cuireadh ón rang é mar go raibh sé 'réasúnta dána' ach go bhfuil sé den tuairim go raibh níos mó ná sin i gceist freisin. Deir Jack gur cuireadh "i seomra beag" leis é, "ar feadh cúpla bliain i ndáiríre."

Tá Jack den tuairim go raibh réamhchlaontaí go leor le sonrú nuair a bhí seisean sa scoil toisc gur duine den lucht siúil a bhí ann. 

"Níor caitheadh go maith liomsa i ndáiríre, sa scoil sin mar nár cheap daoine go mbeinn chun aon rud a dhéanamh...Níl mé ag rá go raibh gach rud faoin gciníochas, ach bhí sé ann, gan amhras."

Tá Jack buartha cé go bhfuil sochaí na hÉireann athraithe ach go bhfuil cloiste aige go bhfuil an fhadhb sin fós ann agus go gcuirtear an lucht siúil ar leataobh sa chóras oideachais fós.

Feictear do Jack go bhfuil go leor de na constaicí céanna roimh lucht na Gaeilge agus an lucht siúil mar mhionlaigh. Dúirt sé gur oscail a chroí nuair a thuig sé na cosúlachtaí idir an dá phobal ach nach bhfuil aon cheangail eatarthu ar an dromchla, ach nuair a scrúdaítear iad go bhfuil struchtúir an dá phobal cosúil lena chéile. 

Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11 agus 12 ar an Satharn.