Ar 31 Eanáir 1818 bádh 21 fear ó Pharóiste an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne i dtubaiste farraige Bhád na nGort Dubh. D'fhiosraigh Dáithí De Mórdha, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta an scéal a sc

Ar an lá deireanach de mhí Eanair sa bhliain 1818, tháinig árthach le cósta Chorca Dhuibhne, a seolta stracaithe agus í ag imeacht le sruth. Chuaigh báid ó Dhún Chaoin agus ó pharóiste an Fheirtéaraigh féna déin, mar go bhfacthas dóibh go mb’fhéidir go mbeadh rud éigin luachmhar inti. Ach san obair san dóibh, bádh fear agus fiche ó Pharóiste an Fheirtéaraigh, a bhí i mBád na nGort nDubh.

Dáithí De Mórdha a léirigh Bád na nGort Dubh

Chruthaigh bá na bhfear seo aighneas agus achrann idir an dá pharóiste, toisc go raibh sé ráite nár tharrtháil báid Dhún Chaoin éinne acusan a bhí á mbá, agus mhair an droch-sprid idir an dá pharóiste ar feadh i bhfad.

Níl aon rian den ndroch-sprid idir an dá pharóiste anois, agus níl san eachtra seo anois ach scéal ónár seanchas.

Sa chlár speisialta Bád na nGort nDubh,insíonn Dáithí de Mórdha scéal na tragóide agus an t-achrann a lean é.