Labhair an scríbhneoir agus ealaíontóir, Cathal Poirtéir le Cearbhall Ó Síocháin ar An Cheárta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina thaispeántas a bheidh san Axis i mBaile Munna go luath.

Díríonn cleachtas ealaíne Chathal Póirtéir, cuid mhór, ar pheintáil íle de thídhreachanna agus de mhuirdhreachanna ar imeallbhord an Atlantaigh, go háirithe de shléibhte drámatúla agus de chóstaí corracha iarthar Chorcaí agus iarthar Chiarraí.

Is é 'Uisce agus Cloch' téama an taispeántais seo ina bhfuil réimse íomhánna a thugann léargas ar an chaidrimh ilchineálach sa nadúr idir an dá bhun-eilimint seo. Sna pictiúirí seo déanaim ceiliúradh ar an timpeallacht féin agus ar shínithe éagsúla a fhágann an t-uisce ar an chloch: locha, easanna, aibhneacha agus na clocha trína sileann siad.'

Cearbhall Ó Síocháin, An Cheárta ar RTÉ RnaG

Ag caint di ar an taispeantas dúirt Niamh Ní Chonchubhair ‘ Is mór an onóir dúinn e in Axis go bhfuil deis again saothar Chathail a chur os comhair an phobail anseo. Is ceiliúradh iad ar ar chaidreamh idir bun-eilimintí an nadúir agus ar an lorg a fhagann siad ar an timpeallacht.’

Tá aithne ar Chathal Póirteir le blianta fada mar chraoltóir agus scríbhneoir i nGaeilge agus i mBéarla. Is é 'Uisce agus Cloch' in Axis Bhaile Muna a chúigú taispeántas aonair.

Craoltar An Cheárta idir 1.15 agus 2.00 ar an Domhnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.