Tá sé fíor-dheacair cairt de na h-albaim is fearr a chnuasú nuair a thagann iarrataisí imthreo ag deireadh na bliana a leithíd a dhéanamh.  I ndáiríre, theastódh tréimhse níos faide chun cinneadh a dhéanamh, mar gur minic a chuirimíd aithne ar albam nótáltha ón bhliain úd tamall ina dhiaidh sin.



Ní raibh de ‘Modern Kosmology’, an t-ochtó albam ón pop-ámhránaí avant-garde Jane Weaver cloiste agam i gceart nuair a d’eisigh sí anuraidh é ach tá sé ar na cluasáin go minic agam ó thús na bliana seo agus is dóigh liom go bhfuil sé ar an saothar is fearr atá cloiste agam uaithi go fóill.

Táim an-tógtha leis an amhrán seo, lena rithimí ná beadh as áit ar cheirnín Krautrock is glór Jane ag tabhairt chun cuimhne guthanna eile, mná ar nós Trish Keenan ón mbanna Broadcast a d’éag seacht mbliana ó shin, nó fiú Sarah Cracknell ón mbanna St Etienne.  D’fhéadfainn a bheith ag caint faoi cheoltóirí nó bannaí a bhfuil tionchar acu ar Weaver go deo, ach an rud is tábhachtaí is fiú a lua ná go bhfuil sí i mbarr a réime anois mar chumadóir is ceoltóir pop thar a bheith samhlaíoch.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22.00 agus 00.00 ón Luan go hAoine.