Labhair Gráinne Ní Laoithe le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina hiníon Aoibhín a rugadh luath ag 28 seachtaine sa toirceas agus gan í ach dhá phunt. 

Rinne Gráinne cur síos ar an aistear a bhí aici féin agus a céile, Lynne agus mar atá an saol do lanúin chomhghnéiseacha, cosúil leo. Dúirt sí  gur 'osclaíodh domhan mór nua' nuair a saolaíodh an leanbh agus go raibh siad ag brath ar fhoireann an ospidéil go minic le linn na tréimhse sin. Mhínigh na haltraí 'téarmaí mór groí' a bhíodh ag na dochtúirí agus gur mhór an chabhair é sin dóibh.

Dúirt sí go raibh an leanbh 'ar nós mála siúcra ach ábhairín níos faide' ach go raibh sí sláintiúil go maith ach go raibh 'an-scanradh' ar Ghráinne agus Lynne faoi thodhchaí an linbh agus í an-óg. 

'Infections is ea an rud is mó le leanaí chomh beag sin.D'fhéadfadh na haon ní a bheith alright inniu ach ansin d'fhéadfadh sí infection beag a fháil amárach, mar tá siad chomh beag sin go bhféadfadh tionchar mór a bheith aige sin orthu ansin.'

Thagair Gráinne do na hathruithe atá tagtha ar an tír seo maidir le meon agus daoine aeracha 'bóthar deacair atá ann ach tá an saol ag athrú'. Luann Gráinne nach gá anois go mbeadh athair agus máthair sa bhaile ach gur tábhachtaí an rud go mbeadh grá sa bhaile.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00.