Labhair Jack Ó Drisceoil le Tristan Rosenstock ar chlár Chormac ag a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin togra, Leabhra Feabhra a thosaigh roinnt blianta ó shin. 

Mhínigh Jack an coincheap atá an-simplí, 'sé sin go gceannaíonn daoine leabhair Ghaeilge agus go mbronntar iad ar a chéile ar Lá Fhéile Bríde (1 Feabhra) chun 'aird a tharraingt ar leabhair Ghaeilge.'

Shoiléirigh Jack nach 'feachtas' atá i gceist mar gur mhaith leis na daoine a bhunaigh an togra go nglacfaidh an pobal leis an gcoincheap. B'fhearr leo go ndéanfaí ceiliúradh ar na leabhair agus cuireann siad rompu 'an t-áthas a bhain muid féin as a bheith ag léamh a roinnt ar dhaoine'.

'Gnáthléitheoirí sinn, ní hé go bhfuil aon údarás nó stádas againn'

Dúirt sé go raibh foilsitheoirí na leabhar Gaeilge sásta lascaine ar fáil ó agus go raibh borradh faoi dhíolacháin dá réir.

D'iarr Tristan ar Jack faoin nós atá ag siopaí leabhar leabhair Ghaeilge a chur 'i gcúinne beag suarach' agus dúirt Jack go raibh iarrachtaí déanta aige 'comhrá a thosú' leo ach nach raibh mórán de thoradh air. Deir sé, áfach, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid leis na leabhair a aimsiú. 

Is féidir Leabhra Feabhra a leanúint anseo

Craoltar Cormac ag 5 Luan go hAoine idir 5 agus 6 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.