Anocht san ardchathair, bronnfar Gradaim Cheoil Nós orthu siúd a chruthaigh ceol i nGaeilge le bliain anuas. Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí ina fhear a tí agus beidh Kíla, Pádraig Jack, Róisín Seoighe agus Kneecap i measc na gceoltóirí beo óna 8 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta!

Tá pobal na Gaeilge ar bís faoin ócáid bhliantúil agus iad ag díriú na hiomaitheoirí is ansa leo le cúpla seachtain anuas:

 

 

Beidh Sinéad Ní Uallacháin, Banríon na Siamsaíochta sa Seomra Glas ag caint leo siúd ar éirigh leo ainmniúchán a fháil. 

Rónán Mac Aodha Bhuí, Fear a' Tí Ghradaim Cheoil Nós.