Bhí clár speisialta ag Bláthnaid Libh do Nollaig na mBan ag ceiliúradh céad bliain don chead vótála a bheith ag mná. I measc na n-ábhar a pléadh, bhí míúsáid mar a thuairiscigh go leor le linn na bliana 2017.

Bhí an t-ábhar sin agus a d'eascair as idir chamáin ag Réaltán Ní Leannáin, Muireann Ní Mhoráin agus Siún Ní Dhuinn ar an gclár. 

Thug scéalta ban na bliana misneach do Réaltán, deir sí go bhfeiceann sí an ghluaiseacht mar thúsphointe agus go bhfuil sochaí an lae inniu anois á oscailt amach tríd an gcaint ar fad a rinneadh le bliain anuas. 

"Níl sé ach ina thús...Tá daoine ag cur dots le chéile, tá líne ag teacht amach go bhfuil an fhadhb fite fuaite tríd achan leibhéal den tsochaí seo agus tríd achan gné den sochaí seo."

Cheistigh Siún an fhreagracht a bhrathann mná an sochaí a réiteach cé go luíonn tromlach na cumhachta i lámha fear..

"Cén fáth an bhfuil sé faoi na mná an cheist seo faoi inscne a chur ina cheart?"

Labhair Muireann Ní Mhóráin faoin imní atá uirthi maidir leis an bhfreagairt drogallach a bhí ag fir i dtaobh na ceiste agus an gá le dul i ngleic le fadhb nach bhfuil imithe ón sochaí fós, dar léi.

"Fiú in sna leithscéalta a gabhadh, tá beagán den 'má tharla sé gur ghoin mé duine éigin de bharr m'iompair, tá aiféala orm faoi sin.' Tá sé sin cloiste againn in a lán áiteanna thar na blianta. Ciallaíonn sé sin, dáiríre 'ní dóigh liom, actually, go ndearna mise aon dochar ach má shíleann tusa go ndearna mé dochar duit... sílim gur gá dos na fir a aithint agus a thuiscint nach beagáinín craic a bhí ann, nach é seo an cineál iompair a bhí ann ag an am sin. Agus go bhfuil sé in am díospóireacht oscailte a bheith ann idir fir agus mná ach tá sé fós ag tarlú.

Craoltar Bláthnaid Libh Dé Sathairn idir 11 agus meánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.