Mar is eol d'éisteoirí Bheo ar Éigean, clúdaíonn na mná gach ábhar faoin spéir sna heagráin sheachtainiúla. Chuireadar scoth na n-eagrán le chéile mar chlár raidió agus tá an toradh greannmhar, maoithneach agus machnamhach.

Ná dearmad gur féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean ar iTunes agus ar rte.ie/gaeilge gach seachtain. Má tá moltaí/ceisteanna agaibh, bí i dteagmháil ag beopodchraoladh@rte.ie nó lean craic na mban ag @beopodchraoladh ar instagram.