Dá mbeifeá le 3 fhocal a roghnú le cur síos a dhéanamh ar 2017, cad a roghnófá?

Spraíúil

Polaitiúil

Sciobtha

An bhfuil buaicphointe i gcomhthéacs oibre a sheasann amach duit

An fhorbairt dhigiteach. Idir glórtha agus ábhar nua Gaeilge ar rte.ie, cláir teilifíse ar líne sula raibh siad ar an aer le linn Seachtain na Gaeilge, an méadú ar beo-sruthú Facebook ag RnaG, agus scléip an podchraoladh, Beo ar Éigean, tá muid in áit níos fearr ag deireadh 2017 ó thaobh freastal a dhéanamh ar an treo ina bhfuil daoine ag dul ó thaobh teacht ar ábhar meáin.

D'éirigh thar cionn le Rocky Ros Muc i mbliana, an bhfuili gceist agat a bheith i mbun pinn arís le linn 2018?

Tá leabhar ar an ábhar céanna, The Man Who Was Never Knocked Down, scríofa agus le foilsiú ag Rowman & Littlefield i lár na bliana seo chugainn. Tá mé ag tabhairt aghaidh freisin ar leabhar ar Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Níl idir mé agus tús ach disciplín ama!

Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ agus údar é Rónán Mac Con Iomaire.