D'iarr muid ar Bhláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta cur síos a dhéanamh ar an mbliain 2017. 

Dá mbeifeá chun cur síos a dhéanamh ar 2017 i dtrí fhocal, cad iad na focail a d'úsáidfeá?

#misefreisin

(haischlib, mise, freisin)

Le cúpla mí anuas tá saol go leor daoine ach go háirithe fir iompaithe bunoscionn, 'is anois tá éisteacht againn faoin chursaí inscne agus ciapadh.  Mar sin, is le dóchas a chuirim go ainm le #misefreisin.

Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag dul ó neart go neart, an bhfuil clár ar bith nó ábhar ar bith a sheasann amach duit ó thús na bliana?

Tá ag éirí thar cionn le Bláthnaid Libh ach tá neart fós le baint amach againn, d'fhéadfadh muid bheith craoladh uair a chloig níos faide nó cúpla maidin sa tseachtain.  Tá ábhar amháin a sheas amach agus sin Áine Ní Ghráda ag plé 'revenge porn' mar théarma a usáidtear ach atá diúltach agus i gcoinne mná, molann sí  'image based sexual abuse' (Mí-úsáid ghnéis trí theicneolaíocht)   Seo bean a chuaigh i dteagmháil linn agus theastaigh uaidh labhairt ar an ábhar seo agus míniú dúinn an easpa tuisceana atá ar 'revenge porn'.  Sin tionchar; ní saineolaithe atá uainn ach daoine le tuairimí agus sásta iad a nochtú!

Bláthnaid, Eoghan Mc Dermott agus Ciarán Byrne a bheidh ag obair le chéile ar Ghradaim Cheoil Nós

Roghnaíodh "Feminism" mar fhocal na bliana ag  Merriam-Webster: cad is brí leis an bhfocal sin duitse?

Séard is brí le feminism ná seasamh do cheart chuile inscne, d'fhéadfá míle tuiscint a fháil sa stair ach i mbliana, 2017 an t-aon chiall atá ná seasamh le chuile inscne agus cultúr mar chuid d'aitheantas an duine.

Cad leis a bhfuil tú ag súil sa bhliain 2018? 

Táim ag súil le Bliain na Gaeilge, Amhrán na Bliana le Nós.ie agus 2FM atá urraithe ag Bláthnaid Libh, ag súil le oibriú le mo léiritheoir nua Sinéad Ní Uallacháin.  Ag súil le dhul ag chuile Phop Up Gaeltacht !!!!!!!!!!!!!

Craoltar Bláthnaid Libh Dé Sathairn idir 11 agus meánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.