Cuireann Cearbhall Ó Síocháin, An Cheárta, clár ealaíona i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Labhair muid leis faoi na saothair a chuaigh i bhfeidhm air ó thús na bliana. 

Dá mbeifeá le 3 fhocal a roghnú le cur síos a dhéanamh ar 2017, cad a roghnófá?

Maoiniú suarach ealaíontóirí

An Cheárta, clár ealaíona ar RTÉ RnaG á léiriú agus á láithriú agat, an bhfuil mír ar bith a chuaigh i bhfeidhm go mór ort? 

Colún ag Mícheál Ó hAodha faoi Constance Mary Smith, réalt-aisteoir Éireannach as Luimneach, a d'fhulaing gnéas-chiapadh agus dímheas fheidhmeannaigh na stiúdéonna móra scannáin i Hollywood agus Londain idir na 1940daí agus 1980daí, agus nach bhfuilimid ach tosnaithe ar dhíriú ar an bhfadhb seo in 2017. #Saolnatuisceanna?

An bhfaca tú aon saothar/taispeántas a chur ag smaoineamh tú le linn 2017?

Bhí Soldier Still le complacht rince Junk Ensemble ana-chumhachtach, corraitheach - iarracht mhaith ar saol an tsaighdiúra a fhulaingíonn cogaíocht agus neamhord strus iarthéarmach a mhíniú dóibh siúd - formhór mor an phobail - nach dtuigeann a gcás.

Cad leis a bhfuil tú ó 2018?

Seasamh fóid in aghaidh mire cheannasaíochta nó dintiúr iomlán - ní fiú an lagiarracht

Craoltar An Cheárta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh, 13.15 - 14.00.