Is craoltóir agus ealaíontóir í Sinéad Ní Uallacháin atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Labhair sí linn faoin mbliain a bhí aici, go gairmiúil agus go pearsanta. 

Dá mbeifeá le 3 fhocal a roghnú le cur síos a dhéanamh ar 2017, cad a roghnófá?

Beo ar Éigean. 

Bhí amanna ann agus sin mar a bhraitheas agus ní mar mhagadh atáim…!

Ach níos tábhachtaí ná sin, chuireas féin agus mo bheirt chara Siún agus Áine tús le podchraoladh nua dar teideal sin. Tá sé tar éis fuinneamh nua a thabhairt dom, agus ag féachaint siar ar an mbliain, is é sin ceann de na buaicphointí a sheasann amach dom, gan aon dabht. 

Beo ar Éigean, an chéad phodchraoladh Gaeilge ó RTÉ

Tá cáil ortsa ní hamháin mar Bhanríon na Siamsaíochta ach mar ealaíontóir freisin, labhair tú ar na saothair a chuaigh i bhfeidhm ort le linn Oíche Chultúir, an raibh buaicphointe ealaíne a sheasann amach duit? 

Bhíos thar a bheith tógtha le taispeántas Jack B. Yeats/Paul Henry a bhí ar siúl i Músaem Hunt i Luimneach, ach go háirithe nuair is trí thimpist a thána air, agus mé ag spaisteoireacht sa chathair. B’iontach saothar Vermeer agus máistrí eile a linne a fheiscint i mBaile Átha Cliath chomh maith.

Cad leis a bhfuil tú ón mbliain seo romhainn, 2018?

Tabhairt faoi dheiseanna maithe oibre a spreagfaidh mé; níos mó ama a chaitheamh le mo nianna agus neacht; níos mó d'iarracht a dhéanamh ‘bheith aclaí agus faid á chur arís leis na laethanta!

Is féidir leat éisteacht le Sinéad ar a clár, Sinéad ar Maidin ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 10.15-11.00.