Cuir ceist éinne le Gaeilge na leabhair is mó a thaitníonn leo a ainmniú agus cloisfidh tú An Béal Bocht gar go barr an liosta. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1941 agus tá sé greannmhar agus tráthúil go fóill. Craolfar leagan anamúlachta don chéad uair ag 5.25 i.n Lá Nollag ar TG4. 

Leagan anamúlachta den úrscéal aitheanta aoir le Myles na gCopaleen (Brian Ó Nualláin), an t-aon leabhar Gaeilge óna pheann agus an saothar is greannmhaire ar fad, uaidh, meastar. Foilsíodh an leabhar sa mbliain 1941, dírbheathaisnéis, mar dhea, ógfhir Gaeltachta atá i nGéibheann Shligigh agus é ag cuimhneamh siar ar a óige i mbochtaineacht na tuaithe agus ar na foghlaimeoirí Gaeilge a thagadh sa Samhradh.

Radharc ón mBéal Bocht, le craoladh Lá Nollag ag 5.25, Lá Nollag. 

Seo anois é, curtha i láthair den chéad uair don scáileán agus sin déanta go healaíonta mar shaothar anamúlachta, an chéad iarracht sa bhformáid áirithe seo ag an stiúrthóir, Tom Collins. Cloisfear glórtha Seán Mistéal, Donncha Crowley, Tommy Tiernan agus Bob Quinn sa scannán. 

Craolfar An Béal Bocht, Lá Nollag, 5.25 i.n, TG4.