D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, saothar Rónán Mhic Con Iomaire, Rocky Ros Muc sa bhliain 2013 agus cúig bliana níos déanaí, tá scéal Sheáin Uí Mhainnín go fóill i mbéal an phobail. Craolfar an fadscannán, Rocky Ros Muc lá Nollag ag 9.30 i.n ar TG4. 

BROLLACH

Agus muid ag tiomáint síos East Broadway, trí lár South Boston, ag breathnú ar na háiteanna ina mbíodh Seán Ó Mainnín ag speáráil le rógairí Southie – le baill de bhuíon Whitey Bulger – stop an carr a bhí amach romhainn go tobann. Bhí carr mór bán stoptha i lár an bhóthair roimhe. Nuair a thosaigh an fear a bhí romhainn ag bípáil, d’oscail doras an chairr a bhí stoptha. Tháinig fear amach as. "Shut the fuck up, you asshole." Bhí a dhá láimh in airde ag an bhfear a bhí amuigh as an gcarr agus é ina sheasamh i lár an bhóthair, an dá mhéar láir crochta i chaon láimh agus dírithe aige ar an té a bhí ag bípeáil. "Fuck you, motherfucker!" Thosaigh Seán ag gáire le mo thaobh. "Sin é Joey DeGrandis.

Throid sé sin trí huaire don world title. Bhínn ag speáráil leis fadó. Dá mbeadh a fhios ag mo dhuine cé air a bhfuil sé ag bípeáil, stopfadh sé. Tá an fear sin tobann go maith." Tharraing muid amach as an trácht agus d’fhág DeGrandis agus an fear eile ag sárú ar a chéile. Síos chuig an giom ina mbíodh Seán ag traenáil sna 1980idí a bhí muid ag dul, giom nua Peter Welch lena thaobh. Is fada an lá dúnta giom Jimmy Connolly, thuas ar an gceathrú hurlár i bhfoirgneamh ar 383 Dorchester Avenue. Chuaigh muid isteach chuig giom Welch béal dorais. Bhí an halla pacáilte. I lár an tseomra, bhí fáinne a bhí lán de ghasúir óga, díocas dornálaíochta orthu ar fad. Timpeall le balla, bhí málaí troma crochta ó ghiarsaí, leaideanna óga á mbualadh mar a bheadh Dia á rá leo. Bheadh Seán ar ais níos deireanaí sa tráthnóna ann, ag traenáil leaid as Dún na nGall, Michael McLaughlin, fear óg eile a tháinig go Meiriceá ar thóir bhrionglóid na dornálaíochta. "Hey, are you Seán Mannion?" Tháinig fear aníos againn agus cailín beag leis. "This is my daughter, she really wanted to meet you, she sees your photos on the walls in here." Chroith Seán lámh an fhir, d’fhiafraigh sé den chailín cén aois a bhí sí. Bhí póstaeir crochta chuile áit ar bhallaí an giom, iad ag fógairt troideanna móra ó na laethanta a bhí caite. Marvin Hagler. Rocky Marciano. Séan Ó Mainnín. "Rosmuc" scríofa ar chuile phóstaer leis a bhí ar an mballa. "Mannion!"

Tháinig búir aníos ó chúl an tseomra. Ina shuí síos, bhí fathach fir agus meangadh gáire air, caipín olna tarraingthe anuas ar a bhaithis. "Seán Mannion, how the fuck are you?" D’éirigh sé. Chroith siad lámh. "Hello, Kevin, long time no see." Kevin McBride, iarsheaimpín trom-mheáchain Mheiriceá agus na hÉireann, a bhuail agus a leag go talamh Mike Tyson in 2005. Ní dheachaigh Tyson isteach sa bhfáinne ní ba mhó ina dhiaidh sin. Chuir Seán in aithne dom é agus d’inis dó céard a bhí ar bun i mBoston agam. "They should put up a statue of Seán in Galway," a dúirt McBride, "and you can put that in your book. "This man is a fucking legend."

AG SPEÁRÁIL SA NGARRAÍ GAMHNA

Ní bean throdach a bhí i máthair Sheáin Uí Mhainnín, fiú má shaolaigh sí fear a raibh a shaol fite fuaite sa bhforrántacht. Fós féin, lean trodaíocht Teresa Uí Mhainnín mar a leanfadh bó buicéad. I 4 Brady’s Court i gceantar an Duga Theas i mBaile Átha Cliath a rugadh Teresa McGrath Déardaoin Naofa 1916, ceithre lá sular léigh Pádraig Mac Piarais amach os ard Forógra na Poblachta os comhair Ard-Oifig an Phoist. San éirí amach a lean, rinne buíon d’arm na Breataine ruathar ar an teach inar rugadh í, áit a raibh a máthair fós ag teacht chuici féin sa leaba i ndiaidh na breithe.

Tarraingíodh amach as an leaba a máthair agus bhásaigh sí de bharr a cuid gortuithe. Trí bliana fichead ina dhiaidh sin, bhí dorchadas na cogaíochta ina scáth arís ar shaol Teresa McGrath. An t-am seo, an Dara Cogadh Domhanda. D’ionsaigh an Ghearmáin an Pholainn i 1939 agus ní raibh Neville Chamberlain in ann géilleadh a thuilleadh do Hitler. Thosaigh an cogadh sa bhfómhar, agus de bharr faitíos ar na húdaráis ann go 19 bhfágfadh an cogadh go mbeadh ionsaithe aeir i ndán do chathracha na tíre, agus do Londain go háirithe, cuireadh i bhfeidhm Operation Pied Piper. Faoi seo, thógfaí na leanaí ar fad i Londain amach as an gcathair agus thabharfaí go láithreacha sábháilte faoin tuath iad. Ina cónaí i Londain ag an am a bhí Teresa, í pósta le dhá bhliain le Peaitín Tom Mhártain Ó Mainnín as Ros Muc, Conamara.

Nuair a thug na húdaráis ann le fios dóibh go dtógfaí a n-iníon nuabheirthe, Mary, uathu mar gheall ar an gcogadh agus go mbogfaí amach as Londain í, d’fhág siad saol Shasana ina ndiaidh thar oíche agus d’éalaigh siad siar go hÉirinn. Faoi dhó a d’fhág an chogaíocht gur cuireadh Teresa McGrath den chosán ar a raibh a saol ag taisteal. Ba bheag fios a bhí aici agus í ag dul ar bord loinge i Holyhead i 1939 nach amháin go raibh sí ag tabhairt a cúil don Bhreatain, ach go raibh sí ag socrú iomaire as a bhfásfadh duine de na dornálaithe ba mhisniúla as Éirinn. Ar an 22 Meán Fómhair 1927, troideadh ceann de na comórtais dornálaíochta ba mhó le rá riamh sa spórt. Thug Gene Tunney aghaidh ar Jack Dempsey i Soldier’s Field i Chicago, agus is beag fios a bhí ag duine ar bith ag an am ar an tionchar a bheadh ag "The Long Count Fight" ar chúrsaí dornálaíochta i Ros Muc Chonamara. Bliain díreach roimh an troid, bhuail Tunney Dempsey go héasca thar dheich mbabhta i Philadelphia. D’fhág an slua de 120,727, an líon is mó daoine riamh a d’fhreastail ar throid dornálaíochta, nach raibh aon cheist ann ach go dtroidfeadh an bheirt arís.

Bhí níos mó ná Tunney agus Dempsey páirteach sa troid seo, áfach. Bogadh an chéad bhabhta ó Chicago go  Philadelphia de bharr imní faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Al Capone ar an gcomórtas. Go deimhin, nuair a rinneadh an cinneadh an dara troid a chur ar siúl i Chicago, athraíodh an réiteoir ag an nóiméad deireanach de bharr ráflaí go raibh toradh na troda socraithe roimh ré ag Capone. Bhí éileamh ollmhór ar thicéid. Socraíodh an fáinne i Soldier’s Field, an staid ba mhó i Chicago, agus tógadh $2.6 milliún ar an ngeata, an suim ba mhó riamh a tugadh isteach ar throid dornálaíochta.

I measc an 104,943 duine a bhí ag breathnú ar an gcoimhlint i Soldier’s Field, bhí an fear a bheadh mar athair ag Seán Ó Mainnín, Peaitín Tom Mhártain. Bhí Peaitín ag obair i mBoston ag an am, agus nuair a chuala sé faoin troid bhí a fhios aige ar an bpointe boise go raibh sé chun tabhairt faoin aistear fada go lár Mheiriceá. Ba mhór an mhaith go ndeachaigh. Chuaigh an méid a chonaic sé i Chicago i bhfeidhm air den chuid eile dá shaol. Bhí an lámh in uachtar ag Tunney, de dhúchas Mhaigh Eo, do na chéad sé bhabhta, an chuma ar rudaí go gcríochnódh an troid mórán mar a chríochnaigh an chéad chomórtas idir an bheirt. Ach sa seachtú babhta, rug Dempsey air le ceithre dhorn as a chéile ar an smig, agus chuir ceithre dhorn eile ar an gcanbhás é. Den chéad uair ó thosaigh sé ag dornálaíocht go gairmiúil, bhí Tunney leagtha go talamh.

Rónán Mac Con Iomaire agus Seán Ó Mainnín

Ach ba é an méid a tharla ina dhiaidh sin a d’fhág go mbeadh caint ar an troid go dtí an lá atá inniu ann, agus go mbeadh athair ag inseacht an scéil dá mhac arís agus arís eile, i bhfad ó Soldier’s Field, i gCill Bhriocáin, Ros Muc. Bhí rialacha nua dornálaíochta curtha i bhfeidhm go gairid roimh an troid idir Dempsey agus Tunney. Chaithfeadh dornálaí dul go dtí an cúinne neodrach sula gcuirfí tús le haon chomhaireamh as sin amach. Ba léir nach raibh Demspey ar an eolas, nó go ndearna sé dearmad faoin riail nua, agus nuair a leag sé Tunney, d’fhan sé ina sheasamh lena thaobh. Ní raibh Dave Barry, an réiteoir, in ann tús a chur leis an gcomhaireamh go dtí go n-imeodh Dempsey go dtí an cúinne neodrach, agus faoin am ar thosaigh sé ag comhaireamh, bhí cúig shoicind caite ag Tunney ar an talamh. Bhí comhartha ag an réiteoir go dtí naoi faoin am ar tháinig an dornálaí chuige féin agus gur éirigh sé. Ceithre soicind déag a bhí caite ag Gene Tunney ar an gcanbhás.

D’éirigh sé, leag sé Dempsey sa gcéad bhabhta eile, agus cé gur éirigh Dempsey, bhuaigh Tunney an troid ar bhreith d’aon ghuth. Ba é an troid dheireanach ag Jack Dempsey é. Blianta ina dhiaidh sin, thiar i gCill Bhriocáin, Ros Muc, bheadh Seán óg Ó Mainnín ag éisteacht leis an scéal seo, mórán ón lá ar rugadh é. Bhí sé faoi gheasa ag an dornálaíocht ón tús. Tuairim agus leathchiliméadar síos bóthar Shnámh Bó i Ros Muc, tá teachín beag bán le doras dearg agus fuinneoga dearga. Ar thaobh na láimhe deise agus tú ag teacht anuas ón mbóthar mór atá an teach, ceann since in ionad an tuí a bhí air tráth. Tá an gairdín atá ar aghaidh an bhóthair imithe i bhfiántas de bheagán, driseacha agus rhododendron i mbun iomaíochta agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an sconsa ar aghaidh an tí. Níl aon chónaí sa teach inniu, agus ní mórán méid atá ann. Teach beag saoire b’fhéidir, a déarfá, do dhuine éigin a thiocfadh anuas ó Bhaile Átha Cliath go Ros Muc don deireadh seachtaine.

Ach ní haon teach saoire a bhí anseo. Nuair a theith Peaitín Tom Ó Mainnín Sasana i 1939, i gcuideachta a mhná, Teresa, agus a n-iníon, Mary, thóg siad  teachín dhá sheomra codlata i Ros Muc. Ní hé go raibh aon deifir siar abhaile ar Pheaitín nuair a d’fhág sé Londain. Ní raibh sé i gceist aige dul siar thar Bhaile Átha Cliath nuair a tháinig siad den bhád ó Holyhead, ach chuir a bhean cosa i dtaca.

Téigh siar liom, a dúirt Teresa leis, nó bí asat féin i mBaile Átha Cliath. Chuaigh siad siar. Nuair a tháinig an lánúin óg abhaile, bhog siad isteach i dteach mhuintir Pheaitín i gCill Bhriocáin. Teach breá, dhá stór, ceann slinne agus cúig sheomra codlata. Sa teach sin, bhí beirt dheartháireacha le Peaitín, Tomás agus Cóilín, agus máthair Pheaitín, Eileen. Ní raibh focal Béarla ag Eileen, agus ní raibh focal Gaeilge ag an mbean nua sa teach, Teresa. Ní raibh sí i bhfad á foghlaim. Ba ghearr gur saolaíodh an dara leanbh do Pheaitín agus Teresa, Tommy, deartháir agus comhluadar dá n-iníon, Mary.

Bhí sé soiléir sula i bhfad do Pheaitín nach raibh a chuid deartháireacha chun pósadh agus gur i dteach na muintire a d’fhanfaidís go deireadh a saoil. Bhí sé in am aige a nead féin a thógáil, a dúirt sé leis féin, agus suíomh aimsithe do theach nua aige síos an bóthar ar bhóthar Shnámh Bó. Dhá sheomra a bhí sa teach nua, agus ní raibh sé i bhfad á líonadh ag glórtha óga.

Shaolaigh Teresa dhá dhuine dhéag clainne. Ar an 6 Deireadh Fómhair 1956, rugadh Seán Ó Mainnín di san ospidéal i gcathair na Gaillimhe. Sé phunt, trí unsa a bhí sé, mullach bán gruaige, agus tugadh suntas do na doirn mhóra a bhí ar an leanbh. Nuair a bhí sé trí bliana d’aois, bhog an chlann aníos as teach bhóthar Shnámh Bó go dtí teach na muintire i gCill Bhriocáin. Ní cuimhin le Seán rud ar bith óna am i Snámh Bó ach an lá ar fhág sé an teach sin, é féin agus a dheirfiúr Josie ag rith le taobh an chairrín asail a bhí ag tabhairt a raibh acu go dtí an teach nua.  Bhí an saol a bhí ag Seán ina ghasúr i Ros Muc mórán mar a chéile le saol aon ghasúr eile ar an mbaile, ach is beag leanbh a d’aithneodh an saol céanna sa lá atá inniu ann. Ar na caithimh aimsire a bhí aige, théadh sé féin agus a chairde síos go reilig Chill Bhriocáin ag breathnú ar na leachtanna os cionn na n-uaigheanna agus ag déanamh amach cérbh as na daoine a bhí curtha iontu. D’athraídís cocaí féir ó gharraí amháin go garraí eile, ag diabhlaíocht ar sheanbhaitsiléirí.

Bhí tobar beannaithe sa reilig, tobar Bhriocáin, agus is iomaí duine a dhéanadh turas ann. Nuair a bhíodh an turas déanta acu, chaithidís pingin nó leithphingin síos sa tobar. Ag breathnú air seo ar fad, mar a bheadh seabhac ag faire ar luch, bhíodh Seán agus a dheartháir Colm. Trasna an bhóthair uathu, bhí dhá sheabhac eile, Colm Tom Mhicil agus Tomáisín Pháidí. Nuair a d’fhágadh na hoilithrigh an reilig, thosaíodh an rás. Bhíodh sé déanta soir i dtosach níos minice ná a mhalairt ag na Mainnínigh, áfach, an t-airgead tógtha acu agus iad ar a mbealach siar tigh shiopa Mháirtín Thomáisín ar thóir penny bars.

Ach ní raibh ceist ar bith faoin gcaitheamh aimsire ba mhó a bhí ag Seán agus a chuid cairde agus iad ag éirí aníos i Ros Muc. Dornálaíocht. "Bhíodh muid ag speáráil mar a bheadh gasúir eile ag imirt peile," a deir sé. "Bhíodh muid ag speáráil sna garrantaí, ag speáráil ar an tsráid, áit ar bith a d’fhéadfadh muid. "Bhínn féin, Martin Mhaidhcó Pheige agus na leaids eile ar an mbaile ag speáráil sa nGarraí Gamhna. Bhíodh sé ina réabadh ansin. Bhíodh muid uair an chloig ag marú a chéile, go dtí go ndéarfadh fear eicínt, ‘Tá bhur ndóthain anocht agaibh.’ Sin an round a bhíodh againn, ní stopfadh muid ar chor ar bith murach sin."

Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo.