Ó Chraigavon i gCo. Ard Mhacha ó dhúchas do Hannah Peel atá ag cumadh ceoil i dteannta leithéidí The Magnetic North, Beyond The Wizards Sleeve agus John Foxx & The Maths le blianta anuas, gan trácht ar a cuid albaim aonair féin freisin.

Ar a halbam úr ‘Mary Casio: Journey To Cassiopeia’, tá grúpa mór práis (29 gceoltóir) le clos faoina stiúr is tá Hannah féin le clos ar na sintiseirí.  Tá téama ar leith ag an albam.  Nósann Hannah scéal faoi bhean ó Bharnsley atá tar éis a saol a chaitheamh ag stánadh ar an spéir gach oíche, ach a fhaigheann deis taisteal chun réaltbhuíon Cassiopeia a fheiscint sara bhfaigheann sí bás.

Tá seacht ngluaiseacht ar fad ar an albam uirlise seo agus má eistíonn tú leis an gceann seo, ná bíodh iontas ort ceann a thógaint de sholas na gréine ag rince tríd an réaltnéal.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ón Luan go hAoine idir 10.00 agus 12.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.