Labhair iriseoirí RTÉ RnaG sna Doirí Beaga, i mBaile na nGall agus i gCasla faoin eolas atá nuafhoilsithe faoi cheantair Ghaeltachta atá go mór faoi mhíbhuntáiste ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Luaigh Áine Ní Bhreisleáin go bhfuil cuid de na pócaí is measa maidir le míbhuntáiste ar fud na Gaeltachta, i nDún na nGall. I gcroílár na Gaeltachta, ar imeall pharóiste Ghaoth Dobhair, tá ráta dífhostaithe de os cionn 50% d'fhir agus mhná, araon. Ní bhfuair mórchuid den phobal sin ach oideachas ar an mbunleibhéal, "rud atá iontach scáfar" a deir sí. Thug Áine faoi deara nach bhfuil na bunscoileanna an chontae san áireamh sa chóras 'deis' a thacaíonn le ceantair atá faoi mhíbhuntáiste timpeall na tíre.
I gConamara, dúirt Máire Bríd Ní Chualáin go raibh Leitir Mealláin agus Ros Muc buaillte go dona. I Leitir Mealláin, tá 44% de na fir agus beagnach 30% de mhná dífhostaithe. D'ardaigh Gormfhlaith ceist na himirce maidir leis an ráta daoine nach raibh acu ach oideachas bunscoile orthu, 46% in Leitir Mealláin. In Ros Muc, bhí 45% d'fhir agus 35% de mhná gan obair.

Ó dheas, tá ag éirí níos fearr i gCúige Mumhan agus deir Dáithí de Mórdha "tá formhór na gceantar Gaeltachta, "cuíosach gan a bheith maíteach" agus iad beagán níos fearr ná an meán náisiúnta. Luaigh Dáithí go bhfuil an ceantar máguaird bhaile an Daingin rachmasach go maith le leibhéal dífhostaíochta i nDún Síon agus i mBaile an tSagairt d'fhir ag 0.0% agus 6.5% do mhná. I nGaeltacht Uíbh Ráthaigh is mó a léiríodh míbuntáiste agus "tagann sin leis na scéalta ar fad atá cloiste againn le blianta beaga anuas".
Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a hocht agus a naoi ón Luan go hAoine.