Tá Éagóir ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin ag an Oireachtas na Samhna. Labhair muid le húdar an leabhair, Seán Ó Cuirreáin faoin saothar agus na cúiseanna a bhfuil spéis ag an bpobal sa scéal go fóill. 

Cad a spreag tú le Éagóir a scríobh?
 
Cuireadh ó Chois Life le leabhar a scríobh a spreag mé. Bhí roinnt mhaith eolais agam ar chás dhúnmharuithe Mhám Trasna roimhe sin agus bhí suim ar leith agam sna gnéithe sin den scéal a bhain le séanadh ar chearta teanga agus ar cheart an duine. Níor scríobhadh aon leabhar faoin gcás go dtí sin i nGaeilge agus bhí aon saothar a bhí foilsithe i mBéarla as cló le tamall maith de bhlianta.
 
Cé gur tharla an eachtra siar in 1882, tá spéis mhór ag an bpobal ann, amhail is gur cuimhin leo é. Cén fáth sin, i do thuairim?
 
Bíonn spéis ag an bpobal go minic i scéalta faoi dhúnmharuithe. Ach ba dhúnmharuithe ar leith iad seo; cúigear de theaghlach a maraíodh i ndorchadas na hoíche i bpobal beag in áit iargúlta in iarthair na hÉireann. Tá an dúrún a bhain leis na dúnmharuithe féin i gceist ach ansin tá an dráma cúirte ann, le fianaise bhréige, brathadóirí, scéiméireacht agus comhcheilg. Tá crochadh agus príosúnú saoil i gceist ach sáite ina lár tá daoine nach raibh baint ar bith acu leis an gcás.

Agus tá tionchar pholaitiúil an scéil i gceist agus an bhaint a bhí ag an gcás le titim Rialtas na Breataine faoin bPríomh-Aire Gladstone nuair a diúltaíodh fiosrú oifigiúil a dhéanamh faoin mbealach ar láimhseáladh an cás.

Mura dtuigfeá gur scéal fíor é mheasfá gur cumadóireacht nó ficsin a bhí i gceist.  Ach maireann suim sa scéal thar aon ní eile mar gur iomrall ceartais a bhí ann – "…one of the most blatant miscarriages of justice in British legal history," a thug staraí aitheantas amháin de chuid na Breataine air.
 

Bhí taighde go leor ag baint leis an leabhar seo a scríobh, an bhfuil dúshlánach cruth scéil a chur ar an taighde sin?
 
Bheartaigh mé dul ar ais chuig na bhunfhoinsí ach tá sé i bhfad níos éasca taighde a dhéanamh ar scéal mar seo anois ná mar a bhíodh blianta ó shin mar go bhfuil cuid mhór de nuachtáin an ama, ábhar cartlainne agus taifid eile ar fáil ar líne, go digiteach. Ní raibh aon dúshlán ar leith i gceist leis an scéal a leanúint de réir mar bhí gach casadh agus cor nua ag teacht chun solais. Is dóigh go bhfuil an leabhar scríofa sa stíl sin ar a dtugtar "long form journalism" mar a bheadh tuairisciú leanúnach a dhéanamh ar gach rud a tharla. Is féidir liom a rá go gcreidim go bhfuil an scéal iomlán dílis don fhirinne mar atá sí le fáil i dtaifid éagsúla de chuid an ama sin. 
 
 
Ar aithin tú go raibh mórán de bhearna idir cuimhne na ndaoine agus a raibh sna doiciméid a bhain leis an eachtra?
 

Caithfidh tú glacadh leis go bhfuil na taifid stairiúla atá ar fáil - sna nuachtáin, sna tuairiscí cúirte nó sna díospóireachtaí parlaiminte - gar go maith den fhirinne mar gur cuntais comhaimseartha iad. Ar ndóigh, níl aon duine beo anois a bhfuil cuimhne acu ar na heachtraí a tharla in 1882 ach tá scéalta agus leaganacha éagsúla den fhirinne sa bhéaloideas áitiúil go fóill. Bheadh croí an scéil mar a chéile sna taifid oifigiúil agus sa bhéaloideas áitiúil ach bheadh difríochtaí sa bhéim agus san insint anseo agus ansiúd.
 
 
An mbeadh spéis agat tabhairt faoi eachtra staire eile a thabhairt le chéile i bhfoirm leabhair? 

An rud is mó a bhfuil spéis agam ann faoi láthair ná an fadscannán faisnéise atá bunaithe ar an leabhar a bheith le feiceáil don chéad uair ag an Oireachtas i gCill Airne. Tá sárobair déanta ag mo chuid comhghleacaithe Ciarán Ó Cofaigh (léiritheoir) agus Colm Bairéad (stiúrthóir) ar Murdair Mhám Trasna, saothar atá déanta ag an chomhlacht ROSG do TG4 le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Measaim go bhfuil formhór na dticéad don seoladh curtha in áirithe cheana féin ach d’fhéadfadh daoine gur suim leo an scannán a fheiceáil ag an ócáid sin ríomhphost a sheoladh chuig ROSG ag eolas@rosg.ie go bhfeicfidís an bhfuil aon cheann fós ar fáil. Ní thosóidh mé ag smaoineamh i gceart ar aon tionscnamh eile go mbeidh an scannán seo seolta.
 

Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo