An compántas drámaíochta, New International Encounter ón Iorua a chur 'We come from far, far away' ar stáitse le linn Féile Amharclainne Átha Cliath. Dráma é seo atá dírithe ar pháistí 10 mbliana d'aois agus os a chionn faoi pháistí ar teifigh iad. Seo léirmheas Ríona Uí Chonaill a chuaigh chuig an dráma a bhí ar siúl in Amharclann The Ark, i mBarra an Teampaill, ar son 'An Cheárta' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cíorann an dráma scéal beirt theifeach Abdul agus Omar de chuid na Siria atá ag lorg tearmainn san Iorua mar 'ceapann siad go mbeidh siad sábhailte ann' is ea We Come from Far, Far Away. 

Deir Ríona gur thaitin an dráma 'go mór' léi mar go raibh sé 'brónach in amantaí, greannmhar in amantaí eile'. Luann sí gur beirt bhan a dhéanann príomhcharactair an dráma agus cé gur buachaillí óga iad na carachtair sin, síleann sí gur éirigh go maith leis na haisteoirí. 

Dár ndóigh, scéal trom atá in scéal na dteifeach ach i bhfocail Ríona, 'cé gur scéal an-bhrónach a bhí ann faoi dhaoine ag fáil bháis agus bhí cogadh ann, cheap mise go raibh sé an-fheiliúnach do pháistí m'aoise, mar bhí páistí ag insint a scéil.' 

Is féidir leat éisteacht le An Cheárta, gach Domhnach idir 1.15 agus 2.00 i.n ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.