Tá féile na nGael ag teannadh linn agus tá sé in am againn plean a chur le chéile! Cá mbuailfidh tú le do chairde? Cad iad na comórtais nár gcaillfeá ar ór nó ar airgead?

Dár ndóigh, ní lia duine ná tuairim nuair a thagann sé chuig rogha na n-imeachtaí ach seo chugaibh cuid de bhuaicphointí na féile a tharraing aird an eagarthóra seo!

Dé Céadaoin, 1 Samhain

3.30 i.n: Oscailt Oifigiúil an Oireachtais agus Gradaim Liteartha

Áit: Amharclann an Oireachtais, Óstán an Bhrehon

6.30 Seoladh Leabhair 'Súil Eile' le Seán Tadhg Ó Gairbhí

Áit: INEC, Óstán an Ghleneagle

8.00 i.n: Na Gradaim Chumarsáide

Cé air nó uirthi a bhronnfar na duaiseanna iomráiteacha i mbliana?!


Déardaoin 2, Samhain.

12.m.l: Comórtas na Lúibíní sa Bhrehon.

Is ann a chloistear na véarsaí is greannmhaire agus is géire gach aon bhliain!

2.00 i.n: Agallamh Beirte agus Sceitse sa Mangerton Suite

Dé hAoine, 3 Samhain

1.30 i.n. Damhsa ar an Sean Nós sa Killarney Avenue

3.00 i.n Rónán Beo ón Oireachtas

9.30 i.n:  Premiere, Murdair Mhám Trasna, Amharclann an Oireachtais, Óstán an Bhrehon.

Dé Sathairn, 4 Samhain.

11.00 r.n: Bricfeasta le Bláthnaid, beo ón bhFoyer sa Ghleneagle.

1.00 i.n: Gairmeacha le Gaeilge ó Aonach an Oireachtais.

1.00 i.n Seoladh Bliain na Gaeilge i mBallroom an Ghleneagle

1.15 i.n Steip san INEC

5.00 i.n.: Léiriú de Song of Granite in Amharclann an Oireachtais in Óstán an Bhrehon.

7.00 i.n. : Corn Uí Riada san INEC.

Dé Domhnaigh, 5 Samhain

11.30 r.n: Togha agus Rogha, Beo ón Ródaí.

Beidh RTÉ ag Oireachtas na Samhna ag craoladh scoth na gclár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ.ie/Gaeilge agus na meáin shóisialta faoin haischlib #OnaS17.

Le clár na féile san iomlán a fheiceáil, féach anseo.