Ní thógfá ort é dá gcreidfeá go raibh sé éasca go leor leabhar a scríobh do pháistí óga. Níl iontu ach líon beag focal, cúpla pictiúr (a chruthaíonn maisitheoir seachas údar, de ghnáth) agus scéilín bunúsach faoi choiníní, nó rud éigin eile gleoite a thaitníonn le daoine beaga. Is ar éigin gur ‘fíor leabhair’ iad ar chor ar bith!

B’ionann mo smaointeoireacht féin nuair a bheartaigh mé triail a bhaint as ceann a scríobh don chéad uair. Bhí iliomad pictiúrleabhair á léamh agam le m’iníonacha óga agus bhí grá agam don scríbhneoireacht chruthaitheach i gcónaí - shíl mé go raibh mé leath bealaigh ann.

Go luath sa phróiséas, áfach, agus droch-iarracht i ndiaidh droch-iarrachta á dhéanamh agam, thosnaigh mé ‘simplíocht’ na bpictiúrleabhar a cheistiú. Bhí tuiscint mhaith agam ar pháistí óga (bhuel, ar mo pháistí óga féin, ar a laghad) agus na rudaí a chur isteach orthu nó a chur gliondar croí orthu. Mar sin, bhí na téamaí a bhí á iniúchadh agam sa réimse ceart ach, ní raibh mé ábalta an ‘draíocht’ sin, atá le braistint sna pictiúrleabhair is fearr, a chur in iúl i mo scéalta féin. 

Sadhbh Devlin, údar. 

Ar deireadh, ghlac mé leis go raibh botún an-bhunúsach déanta agam; ní raibh fíor-eolas agam ar genre na bpictiúrleabhair agus ar an struchtúr a bhaineann le ceann a chur le chéile ar chor ar bith. Agus is genre ar leith é - atá níos casta agus níos teicniúla ná mar a cheapfá riamh. Tá pictiúrleabhar 32 leathnach ar fhad, leis an téacs nó an t-aicsean ag tárlú thar 24 leathnach de sin. Tá srian ar líon na bhfocal freisin - má imíonn tú thar 600 focal, tá an iomarca agat. Tá dúshlán ansin cheana féin agus níl iontu sin ach na bunrialacha!

I ndiaidh sin, tá ort cuimhniú ar an teanga a dhéanamh simplí, ach an ton ceart a bheith agat (msh. níl sé inghlactha a bheith ag labhairt le páistí ar bhealach a d’fhéadfaí a léamh mar chaitheamh anuas orthu). Bíonn ort roinnt comhrá a chur isteach ach gan an iomarca, abairtí a chruthú a spreagfaidh leanaí óga leis an leathanach a chasadh agus gan dearmad a dhéanamh ar na tuismitheoirí, a bheidh á léamh míle uair, ach oiread. Ní foláir freisin, úsáid a bhaint as cleasanna traidisiúinta scéalaíochta mar ‘riail an trí’ agus athrá - is breá le páistí óga athrá. Ach, ní fiú aon chuid den eolas sin gan coincheap spéisiúil a bheith agat - atá éagsúil ó gach pictiúrleabhar eile atá ar an bhfód cheana féin!

'Ansin, nuair atá scéal foirfe scríofa agat, atá curtha in eagar go dtí go bhfuil luach le gach uile focal ann - tosnóidh maisitheoir ag obair air. Beidh ceacht eile le foghlaim agat láithreach - is gearr go mbeidh teanga fhísiúil na léaráidí ag cruthú nach bhfuil gá do leath de na focail luachmhara sin atá cumtha agat agus is gá an eagarthóireacht a thosnú arís eile!'

Tá pictiúrleabhair chomh dúshlánach agus chomh sásúil céanna le cruthú le haon leabhar eile. Tá tuairimí láidre ag an lucht léitheoireachta acu freisin - agus insíonn siad an fhírinne lom leat - gan scagaire an duine fásta!  Is fíor leabhair iad go cinnte agus, cé go bhfuilim fós ag déanamh droch-iarrachtaí, táim an-shásta go deo gur bhain mé triail as an chéad lá.

D'fhoilsigh Futa Fata an chéad leabhar ó Sadhbh Devlin, Bí ag Spraoi Liom! i Mí Iúil 2017. Is blagaire í a bhfuil gradaim buaite aici, is taighdeoir teilifíse í le TG4 agus is í an colúnaí ceardaíochta le Easy Parenting Magazine í. Tiocfaidh tú uirthi ag lámh-cheardaíocht agus ag spraoi lena cúpla óg ar www.wherewishescomefrom.com agus ag scríobh faoina heachtraí i saol na litríochta do pháistí ar www.sadhbhdevlin.ie

Twitter: @wherewishes   

Facebook: https://www.facebook.com/SadhbhDevlin.ie/

Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo