Cruógach - sin focal a chuala mé i rith na seachtaine le cur síos a dhéanamh ar thaithí mo leithéidse atá ar Fulbright mar theagasóir. Níl aon dul as - bím gnóthach!

Bíonn ranganna le múineadh, ullmhúchán a dhéanamh, scrúduithe a chruthú agus a cheartú, agus anuas air sin is ann don staidéar agus obair a ghabhann leis na ranganna iarchéime atá á thógáil mar mhac léinn.

Le bheith soiléir, tá obair mhór idir lámha agam ach táim ag baint tairbhe as a bheith anseo. Ní hé an cineál tairbhe a bhaineann le bheith saor, gan cíos cás ná cathú; ach tairbhe óna bheith faoi bhrú, ag fás agus ag foghlaim.

Agus rud eile nár luaigh mé a choinneoidh gnóthach mé amach anseo ná taisteal! Faoi láthair, táim ar bhriseadh meántéarma ón ollscoil agus tá mo thuismitheoirí liom in Philadelphia. Bhí sé iontach bheith i mo thurasóir in Philadelphia leo agus chonaiceamar Washington DC chomh maith! B’iontach seal a chaitheamh in éineacht le Mamaí agus Daidí, bhí na hiarsmalanna in Washington dochreidte spéisiúil, agus bhí an aimsir álainn, mar sin b’éasca siúl ó áit go háit.

Ciara agus a máthair 

Go deimhin, táim tar éis ocht seachtaine de thaitneamh a bhaint as aimsir the an tsamhraidh nach raibh agam idir Bealtaine agus Lúnasa in Éirinn! Ach dá fhád an samhradh tiocfaidh an Fómhair, agus beidh na bríste géine agus geansaithe uaim go luath, deirtear liom.

Maidir leis na Meiriceánaigh iad fhéin... Coicís ó shin, díreach tar éis dom Aldi a fhágáil, stróiceadh ceann de na málaí páipéir a bhí agam agus chuid earraí i ngach áit. Bhí bean ag siúl díreach in aice liom agus ní dúirt sí tada ach shiúil sí ar aghaidh i dtreo a cairr. ‘Ní tharlódh sé sin in Éirinn, bheadh duine tar éis cabhrú liom.’ a dúirt mé go diúltach liom féin, agus mé ar mo ghogaide ag piocadh suas gach rud, agus ag smaoineamh go diúltach faoi mhuintir na tíre seo. Ach cad a tharla ansin ná gur fhill an bhean chéanna óna carr agus mála ina lámha dom!

Mar sin tá muinín agam as na Jheaincs go fóill!

Is féidir leat Ciara a leanúint ar Twitter @miseciara