Inniu, i nGaillimh a reachtálfar Fís: Comhdháil Teilifíse. Páirteach san imeacht beidh Dee Forbes (RTÉ), Alan Esslemont (TG4), Pat Kiely (TV3) agus Peter Johnston (BBC NI) a phléifidh na dúshláin agus na deiseanna a bhíonn le sárú acu ina gcuid oibre agus an t-athrú tapa atá ag teacht ar an réimse cruthú ábhair.

Labhair muid le Siobhán Ní Ghadhra, duine de lucht eagraithe na comhdhála faoina bhfuil i gceist le Fís. 

Deir Siobhán go n-admhaíonn gach duine anois 'nach bhfuil muid ag breathnú ar an teilifís mar a bhíodh muid, fadó' agus go bhfuil airgead gann san earnáil ach go bhfuil gá le hábhar ar ardchaighdeán go fóill. Tá foireann na comhdhála ag súil le go spreagfaidh an imeacht 'níos mó comhoibrithe' idir na páirtithe leasmhara san earnáil. 

Tá painéil éagsúla ar siúl i rith an lae a phléifidh  i le gnéithe éagsúla den earnáil, ina measc: Cláracha don Chéad Ghlúin Eile, áit a thiocfaidh ionadaithe ó RTÉ, TG4, CBeebies agus Moetion Films le chéile chun ábhar don aos óg a phlé, VOD – Changing the Future of TV agus agallamh speisialta le Graham Linehan. 

Alan Esslemont (TG4) agus Dee Forbes (RTÉ)

Le fás agus forbairt 'VOD' (video on demand), síleann Ní Ghadhra go bhfuil claochlú tagtha ar lucht féachana agus siad 'níos oscailte ná mar a bhíodh'. Dá réir, tá deiseanna breise ann d'ábhar i nGaeilge mar 'má tá an t-ábhar sách láidir, is cuma faoin teanga' mar atá léirithe ag cuid mhaith de shraitheanna teilifíse ó Chríoch Lochlann le déanaí. 

Tuilleadh eolais faoin gComhdháil anseo