Mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne ar Joe Steve Ó Neachtain agus tá aithne ag an saol Fódlach air as a chuid úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus drámaí. Léigh blaiseadh den leabhar iomráiteach Ag Caint Linn Fhéin, a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anseo. 

Ag Caint Linn Fhéin- Joe Steve Ó Neachtain. 

Séideadh na mboilg (Caint ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i 1996)

Tá sé deacair a shamhlú anois go mbeadh easpa Béarla mar údar náire ag duine i gceartlár na Gaeltachta ach is cuimhneach liom mo chomrádaí a fheiceáil i sáinn thoir i sráidbhaile an Spidéil agus gan ag teastáil uaidh ach punt caoireola.

Sna déaga de bhlianta a bhí an bheirt againn agus gan a fhios ag ceachtar againn cén Béarla a bhí ar chaoireoil. "A pound of caoireoil, please," a deir sé le bean an tsiopa. Strainc a chuir sí sin uirthi fhéin mar nár thuig sí aon Ghaeilge. Bhí a raibh sa siopa ag gáirí faoin duine bocht nuair ab éigean dhó tosú ag aithris ar chaora ag méiliúch. Ní hiontas ar bith gur chuala mé daoine ag cleachtadh cúpla abairt Bhéarla sul má thugaidís a n-oilithreacht bhliantúil go Cnoc Mhuire. "Tea, bread and butter, please,"ráite chomh minic is go mbíodh sé de ghlanmheabhair acu ar fhaitíos go ndéanfaidís amadáin dhíobh fhéin an lá dár gcionn.

Bhain sé deatach as comharsa liom caipín a cheannacht i siopa a dtugaidís an Blackrock air i mbaile mór na Gaillimhe. Ní hé amháin go raibh easpa Béarla air ach bhí sé beagán briotach chomh maith. "I want a taap please," ar seisean go cúthal le buachaill an tsiopa. "Is it a tap or a cap you want?" arsa an buachaill. "A taap," ar seisean. "If it’s a tap you want try Corbett’s next door," arsa an buachaill. "By dad, a Joe, bhí mé i mo phúca nó go mb’éigean dhom mo mhullach maol a nochtadh agus mo sheanchaipín a leagan ar an gcuntar aige. D’aithin mé ar a straois gur ag stealladh magadh fúm a bhí sé." Tá an Ghaeltacht lomlán le scéalta den chineál sin. Scéalta barrúla a mbíodh muid ag briseadh ár gcroí ag gáirí fúthu ach níl siad chomh barúil sin don té a dtarlaíonn siad dhóibh.

Tá a fhios agam é mar tharla siad dhom fhéin nuair a thosaigh mé ag obair i nGaillimh agus mé sách gann ar an mBéarla. Rinneadh ceap magadh dhíom agus deirim libh go bhfuil sé goilliúnach agus go dtiocfainn síos sa talamh le náire de bharr easpa an Bhéarla. Ní tharlaíonn sé sin do na Béarlóirí ar chor ar bith. Níl orthu a rá ach, "I don’t understand that mumbo jumbo,"is tá a gcuid peacaí maite, agus deirim libh mar dhuine a chonaic an dá shaol gur furasta bheith bródúil as do chuid Gaeilge má tá tú paiteanta leis an mBéarla, ach mura bhfuil neach i bhfad ó do phluais is acmhainn dhuit corraí.

Is dóigh gur deacair é a shamhlú i saol an lae inniu ach bhí mise chúig bliana d’aois sul má thuig mé nach Gaeilge a bhí chuile dhuine sa domhan ag labhairt lena chéile. Ní raibh fáth ar bith go gcreidfinn a mhalairt.Ba é deireadh na 1940idí é agus ní raibh raidió ná teilifís ná páipéar nuachta ná aon ghléas a raibh caint aige in aon teach ar an mbaile.Bhuel, bhí a fhios agam go raibh Béarla ann ceart go leor ach shíl mé gurbh in í an teanga a labhraítí le formhór na n-ainmhithe. An té nach raibh abairt Bhéarla ina bpluic bhí siad in ann "Lie down"nó "Go outside" a rá leis an mada.Béarla a labhraítí leis an gcapall freisin ach bhí polasaí dátheangach i bhfeidhm don asal i gcónaí: "Go on, a chrochadóir", sul má thabharfaí an bhróg faoin tóin dhó. 

Níl a fhios agam anois ná an uair sin cén fáth gur Béarla a labhraítí le cuid de na hainmhithe ach go mbíodh spailpíní as Conamara ag dul soir ar an Achréidh ag obair agus go dtugaidís corrchoileán abhaile agus go mba thoir ar an Turlach Mór a cheannaídís bromach capaill, agus ó tharla gur Béarla a bhí cloiste ag na hainmhithe sin thoir go mb’fhéidir nach dtuigfidís an Ghaeilge nuair a tugadh anoir iad. Ach maidir le go gcloisfeá aon fhocal ach Gaeilge ar fud an bhaile. Ní chloisfeá ach glan-Ghaeilge chruinn beacht á labhairt chomh nádúrtha le méileach na gcaorach. Ní raibh aon chaitheamh aimsire eile ann ag an am ach caint agus ná raibh Dia le boiscín mura scoilteadh caint go háirithe sna tithe cuarta.Caint agus glaschaint agus cruachaint agus scéalta agus bréaga agus gaisce agus amhráin agus síscéalta a chuirfeadh an ghruaig ina seasamh ar do mhullach.Caint shaibhir.An cineál cainte atá le fáil in Athnuachan, an leabhar a scríobh Máirtín Ó Cadhain ag an am ach nár foilsíodh go dtí le gairid.

An cineál cainte is dóigh atá in Cré na Cille ar chuile bhealach anois. B’fhéidir nach raibh mórán oideachas foirmeálta ar an dream sin ach bhí máistreacht acu ar an nGaeilge agus iad fhéin ag baint farasbarr dá chéile sna tithe cuarta. Ní iontas ar bith go mbeadh is dóigh. Ba í an Ghaeilge an t-aon mheán cumarsáide a bhí ann agus bhí an páiste ag tosú ar a chúrsa máistreachta ón lá ar caitheadh ar an sop é. Cion sé bliana de theanga na muintire a bhí suaite isteach agam an lá ar cuireadh chuig an scoil mé, agus mé sách paiteanta á labhairt má b’fhíor dhom fhéin nó gur labhair an bhean rialta a bhí do mo mhúineadh sna naíonáin. Baineadh stangadh asam.Níor thuig me focal dá raibh sí a rá cé gur spros eicínt Gaeilge a bhí sí ag iarraidh a labhairt. Ach m’anam gur gearr go raibh muid ina chleachtadh agus gurbh iad ár muintir a bhí bródúil asainn, na créatúir – ag ceapadh go raibh muid ag déanamh thar cionn ó tharla go raibh canúint an nun orainn.

Go deimhin bhí mé stoptha ón scoil ar fad sul má thuig mé an rann a bhíodh orainn a rá deich n-uaire chuile mhaidin. Chuirfeadh muid ár lámha le chéile is deireadh muid "Wee spirri ós" deich n-uaire. Blianta ina dhiaidh a fuair mé amach gur "Íosa, Mhuire is Iósaef" a bhí sa "Wee spirri ós". Anois ní le dul ag iarraidh mná rialta amach ar an bhfair play atá mé ná is beag an baol orm. Bhí a gcuid lochtanna fhéin orthu mar atá orainn ar fad. Ach chuir siad bonn láidir faoin oideachas i gConamara ag an am ba ghéire gur theastaigh sé. Agus b’fhéidir dá mbeadh muid fírinneach linn fhéin go bhfuil múinteoirí óga á n-oiliúint inniu agus gan an "Wee spirri ós" fhéin de bhrabach orthu.

Ba é Ó Cadhain a dúirt nach raibh sa nGaeilge ach "Fearg, fearg, fearg" agus ní taom feirge atá mise ag iarraidh a chur dhíom inniu cé go mbíonn sé sin orm scaití.Tá sé i gceist agam cloí le téama na scoile seo agus rudaí a phlé go deas sibhialta. Is dóigh gurb é an chéad mhaith atá le déanamh agam dá réir sin ach bail ó Dhia is ó Mhuire, ó Bhríd is ó Cholmcille a chur oraibh ar fad ar maidin. Agus sílim go dteastaíonn sé ó chuid agaibh mar gur déanach san oíche nó luath ar maidin a leag sibh bhur gceann ar an bpiliúr. Cén dochar ar ndóigh. Is iondúil gur san oíche a dhéantar an ceiliúradh agus nach mbeadh mórán slacht ar an gceiliúradh gan braon óil.

Ar ndóigh is ins an oíche a dhéantar an faire nó an tórramh freisin agus is iondúil fliuchadh a mbéil a bheith ag daoine ar an ócáid sin. Ach sin é an áit a mbíonn mise trína chéile go minic ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu ócáid a mbím ag freastal air. Tá an dá thaobh ann. Sílim gur i gcineál liombó atá an teanga Ghaeilge. Ní hiondúil go mbíonn ag ceiliúradh ach iad siúd a mbíonn an bua acu agus ní féidir a rá go bhfuil Éire Gaelach go fóill. Agus, ar ndóigh, ar an láimh eile, ní hiondúil go mbíonn an tórramh nó an faire ach san áit a bhfuil an corp, agus is fada, fada fós go mbeidh an seanchorp Gaelach seo le síneadh le faire nó le tórramh.

Níl a fhios agam an bhfuil aon teanga eile ar dhroim an domhain a bhfuil a bás agus a biseach á cheiliúradh ag an am céanna. Cloisim ar an raidió iad nó feicim i Saol iad mar shampla: na heagrais stáit a bhfuil cúram na Gaeilge orthu agus na heagraíochtaí atá ag tnúth le deontais chun an Ghaeilge a athbheochan ar fud na tíre ag poibliú go dearfach agus go síoraí agus ag fógairt fás agus forbairt ar chúrsaí teangan – agus an ceart ar fad acu go minic. Cloisim ar an láimh eile cinnirí pobail ó na ceantracha Gaeltachta ar an raidió ag fógairt meath agus contúirt bháis don teanga ar a bhfód dúchais – agus tá an ceart ar fad acu é a rá amach in am in ionad in am trátha.

Ach meas tú an é an dá mhar a chéile atá daoine a chur i gcomparáid, nó meas tú an é meath na Gaeilge mar theanga labhartha atá á chur i gcomórtas leis na cúpla focal? Nó meas tú an ceart an chomparáid a dhéanamh. Murar ceart is féidir a fhógairt anois nach bhfuil stró dá laghad ar an nGaeilge sa nGaeltacht.Beidh díograiseoirí i gcónaí ann a chinnteos go mbeidh na cúpla focal á labhairt ach is é mo bharúil phearsanta fhéin go bhfuil oiread de dhifríocht idir an teanga bheo nádúrtha is na cúpla focal is atá idir liathuisce is bainne. Deabhal mórán cothú a bhí sa liathuisce ariamh don té a chleacht leamhnacht. Is cuma céard a déarfas duine i dtaobh cúrsaí Gaeilge, tá an chontúirt ann go ngortóidh sé duine eicínt agus níl sé sin dháiríre i gceist agam.

Tá éacht déanta ag Coistí na Scoileanna lán-Ghaeilge. Is mór mo mheas orthu agus tá mé go huile is go hiomlán taobh thiar dá n-iarracht.Is mór mo mheas ar aon choiste dá n-eagraíonn aon ócáid Ghaelach ina gceantar. Tuigfidh na coistí a chaith oícheanta fada i mbun eagrúcháin agus oibre ins chuile cheard den tír seo céard atá i gceist agam. Tá mo shaol caite agamsa le hobair na gcoistí éagsúla i mo cheantar fhéin agus tuigeann mianach na hoibre a chéile. Tuigfidh siad an bród a bhíonn acu as a gcuid oibre agus as a gceantar agus tuigfidh siad an bród atá agamsa as mo cheantar fhéin dá réir. Agus duine ar bith nach bhfuil bródúil as dathanna agus as canúint a chontae fhéin, deabhal mórán measa a bheadh agamsa air.

Sílim gurb iad na coistí deonacha an dream ba mhó a rinne leas agus an dream ba lú a raibh buíochas orthu ó bunaíodh an stát seo.Tá siad ag obair agus ag obair go maith fós ach níl a fhios agam an fada gearr eile a bheas – mar pé ar bith cén sórt struchtúir atá ar na heagrais stáit agus ar na heagrais a bhfuil teacht acu ar airgead stáit, is mó am a chaitheann siad sna cúil ag smachtú coistí in ionad a bheith thuas chun tosaigh ag iarraidh an eangach a chroitheadh a chúnamh dhóibh. Sílim gur an iomarca eagraíochtaí atá ag plé le hobair na Gaeilge agus gan iad sách ciallmhar le cónascadh agus oibriú as lámh a chéile.

Ní nuacht ar bith eagraíocht amháin a bheith ag cur corrchois in eagraíocht eile. Cén bhrí dá mba drochdhaoine iad ach ní hea ach an scoth. Níl ann ach go rialaíonn an córas gur tábhachtaí d’eagraíochtaí iad fhéin a chruthú os comhair na roinne agus na meán ná os comhair an phobail. Tá a shliocht orainn: is minic mórchuid airgid caite ar phoiblíocht agus ar spás oifige atá róghalánta agus na coistí deonacha atá ag déanamh na hoibre ag iarraidh déirce agus ag oibriú ar anchaoi. Tá fadhb mhór eicínt sa gcóras iomlán. Murach go bhfuil ní bheadh oiread sin daoine in Éirinn a bhfuil an ghráin acu ar an nGaeilge. Caithfidh sé go raibh an córas oideachais fíorlochtach nuair a chloisfeá an lear mór daoine a ghlac an ghráin ar an nGaeilge le linn dhóibh a bheith ag freastal ar an scoil. Ach ní gráin docht daingean atá i gceist. Dá mba ea ní bheadh milliún duine ag dul as a gcranna cumhachta le teann bróid nuair a labhair an Pápa cúpla abairt Ghaeilge leo i nGaillimh fadó.

Dream nár labhair aon fhocal Gaeilge roimhe ná ó shin ach a bhí bródúil nuair a bhí an ócáid feiliúnach. Casadh a leithéid sa bhFrainc liom nuair a bhí mé ar saoire – dream a bhuailfeadh smugairle idir an dá shúil ort ar do chuid Gaeilge sa mbaile ach a bhain úsáid as na cúpla focal thall chun a chruthú gur fíor-Ghaeil iad nuair a d’fheil sé don ócáid.Sílim nach raibh an t-am chomh feiliúnach ariamh chun ócáidí a chruthú a d’athmhusclódh bród ár muintire ina ndúchas.

D’éirigh leis an gceol Gaelach é a dhéanamh.Tá ag éirí leis an damhsa é a dhéanamh. Tá ag éirí le Scoil Mherriman é a dhéanamh. Is é an rud is tábhachtaí ar fad ná go mbeadh muid measúil ar a chéile, ómósach dá chéile, ómósach do chanúint is do chultúr a chéile agus nach mbeadh dream ar bith ag iarraidh bheith ag tarraingt an uisce ar fad chuig a muileann fhéin. Ba é comhar na gcomharsan a choinnigh beo na daoine agus a chuir ar ais ar a gcosa iad tar éis an Ghorta, agus áit ar bith nach bhfuil comhar na gcomharsan níl ann ach clampar agus dul ar gcúl. Maidir le Gaeltacht Chonamara níl stró orainn go fóill. Ní raibh muid chomh láidir ariamh sa saol, feictear dhomsa, le ceol, amhráin is chuile chineál cultúir is caitheamh aimsire. Ní fhaca mé oiread brí agus fuinnimh ariamh agus a chonaic mé le linn fhéile an Phléaráca agus chuile halla is teach ósta lán go doras ar feadh na seachtaine. Níor labhair aon duine as mo cheantar aon fhocal Béarla liomsa ariamh mar ní bheadh sé nádúrtha é sin a dhéanamh.

Ach ní hin le rá nach bhfuil mórimní orainn i dtaobh béasa teangan ár n-aos óg, agus údar againn, ach geallaim daoibh go bhfuil muid ag déanamh níos mó faoi ná ag caint. Fiú amháin an Taoiseach John Bruton. D’admhaigh sé go raibh an Ghaeilge láidir thiar nuair a chuir an Pápa scrúdú na deich bpunt air sa Róimh le gairid. Níl a fhios agam an bhfaca sibh ar an teilifís é. "You speak Gaelic in Ireland?" a deir an Pápa nó rud eicínt den tsórt sin. "Back west," a deir John agus é ag breathnú i ndiaidh a leicinn. Ós ag caint ar chinnireacht mé casadh fear i gCaisleán an Bharraigh orm le gairid ar chuir mé spéis ina bheartas.

Bhí sé ina dheifir orm mar go dtugann mo chuid oibre chomh fada le hAcaill, Béal an Mhuirthead agus Ceathrú Thaidhg mé. Dúirt mé go slogfainn plaic lóin i gCaisleán an Bharraigh agus ar ndóigh bhí na sráideanna ag cur thar maoil an tráth sin de lá. An chéad rud eile chonaic is chuala mé an Gael docht daingean seo ag déanamh a bhealaigh tríd an slua agus é ag scaipeadh an tsoiscéil ar a bhionda. "Go mbeannaí Dia is Muire dhuit, go mbeannaí Dia is Muire dhuit, go mbeannaí Dia is Muire dhuit." "Go mbeannaí Dia is Muire dhuit fhéin," a deirimse. "Ó, ó, ó!" ar seisean agus a chroí ar thob stopadh le hiontas gur fhreagair duine eicínt é.

Ní dóigh liom go n-oibríonn an cruadhíol sin leis an bpobal. Bíodh muid le feiceáil ag baint sásaimh as na hacmhainní atá againn agus leanfaidh an pobal muid.Beidh an pobal san áit a bhfuil an spraoi is cuma cén teanga atá á labhairt. Bhíodh muid ag séideadh na mboilg sa gceárta fadó chun an ghríosach a dheargadh."Go réidh, a mhuirnín," a deireadh an gabha corruair,"nó séidfidh tú an tine den teaghlach.Is leor sin chun an t-iarann a choinneáil maoldearg." Tá sé tábhachtach boilg na poiblíochta a choinneáil séidte faoi thine an chultúir ach é a dhéanamh go deas réidh fírinneach. Má shéidtear na boilg róláidir, bainfidh an tine an miotal as an iarann agus ní i bhfad a cheilfear an mheirg ar an bpobal.

Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo