An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, saoririseoir agus scríbhneoir, agus le Róisín Adams, a bhfuil dochtúireacht aici i litríocht do pháistí, faoi I dtír mhilis na mbeo, cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin a d'fhoilsigh Cois Life. 

Seo an chéad shaothar ó pheann Uí Cheallacháin agus tá sé ainmnithe ag an Oireachtas do Ghradam Uí Shúilleabháin 2017. Bronnfar an gradam ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017.

Bronnfar duais €3,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Uí Shúilleabháin agus bronnfar €2,000 ar údar an tsaothair.

Féachann Clubleabhar.com le léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.

Tacaíonn podchraoladh leis léitheoir tuairimí dhaoine eile a chloisteáil agus níos mó leabhar Gaeilge a chur ar a súile. Cuirtear an podchraoladh seo ar fáil le tacaíocht ó Raidió na Life.