Nuair a luaitear an ghairm 'iascaire', cén cineál duine a ritheann leat? Fear féasógach? Bean Chiarraíoch? Iascaire is ea Susan Feirtéar as Corca Dhuibhne a chaith seal ag iascaireacht in Alaska. Roinn sí a taithí le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas, Raidió na Gaeltachta. 

Dúirt Susan go bhfuair sise agus ceathrar ban eile deis foghlaim faoin iascach ar chlár darbh Mná na Mara a craoladh ar TG4 sa bhliain 2008. Chaith sí seal in Alaska an uair sin agus bhí sí faoi dhraíocht ag an áit.  Le déanaí, tá sí fillte ó thuras iascaireachta go dtí oileán Kodiak, a mhair dhá mhí go leith agus d'inis sí do Helen na cúiseanna a raibh spéis aici san áit. 

'Bhí ana-shuim agam ann. Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí farraige agus iasc agus rudaí mar sin. Thaitin sé go mór liom. Tá tú amuigh faoin aer. Tá sé go haoibhinn ar fad amuigh ann. Tá tú ag ithe iasc fresháilte na haon lá. Tá an t-iasc chomh flúirseach ann. Tá cúig saghas bradán, tá sé chomh flúirseach.'

Cé go raibh Susan an-tógtha leis an áit, luaigh sí iarghúlacht na n-áiteanna maireachtála agus an 'obair chrua fhisiciúil', mar a thugann sí air. 

'níl aon bhóthar ann, níl aon siopa ann, níl féidir teacht ach le heitleán uisce nó le bád'

Alaska, áit a raibh Susan le linn an tsamhraidh

Ar thóir 'cúig shaghas bradán' a bhíonn na hiascairí, cuid acu níos luachmhaire ná a chéile, an bradán dearg is daoire, a deir sí. Fuarthas tuairim is 32 milliún bradán le linn an tsamhraidh ar oileán Kodiak i mbliana. Ag cur síos ar an sceideal laethúil a bhíonn ag iascairí, deir sí gur laethanta fada a bhíonn iontu, mar gheall ar fhad laethanta an tsamhraidh sa cheantar. 

'Bheimis éirithe ag leathuair tar éis a sé ar maidin, i mí Meithimh, bíonn sé geal go dtí'n trí a chlog ar maidin. Bíonn sé geal arís ag a cúig a chlog ar maidin. Ní bhíonn aon dorchadas i mí Meithimh.'

Susan ag iascach, ar chlár Mná na Mara. Grianghraf le TG4. 

Cé go mbeadh sé as an ngnách in Éirinn, tá iascairí ar mná iad coitianta, in Alaska. 

'Bíonn an-chuid mná agus bíonn siad ag rith na gcampaí. An saghas seo iascach, tá sé ar siúl leis na céadta, céadta bliain. Bhí sé ar siúl ag na bundúchasaigh chomh maith. Bíonn roinnt mhaith mná ann agus bíonn leanaí sna campaí mar tá sé ana-shábháilte. Tá na mná ábalta dó.'

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.