Craoladh clár speisialta den Saol Ó Dheas ó Rinn Ua gCuanach le déanaí, áit ar labhair Helen Ní Shé le hÓgie Ó Céilleachair a bhfuil cnuasach gearrscéalta dírithe ar dhaoine óga foilsithe aige le déanaí. 

Katfish agus scéalta eile teideal an leabhar nua atá scríofa ag Ógie Ó Céilleachair agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Deir Ógie gur thóg sé trí nó ceithre seachtaine air athscríobh a dhéanamh ar trí nó ceithre de bhlianta de smaointí leis an gcnuasach gearrscéalta a thabhairt le chéile.Múinteoir meánscoile is ea Ógie atá ag obair i Luimneach i láthair na huaire, chuige sin, tá sé ciallmhar go dtabharfadh sé faoi leabhar atá dírithe ar dhéagóirí. 

Deir sé go mbíonn 'taithí laethúil' aige le daoine óga ón obair a dhéanann sé. Thug Helen cnuasach 'ildánach' air ach go bhfuil daoine óga i ngach aon cheann acu. Luann Ó Céilleachair go bhfuil cuid de na scéalta a chloistear ar na meáin maidir le sárú phríobháideachas na ndaoine óga. 

Admhaíonn Ó Céilleachair go bhfuil nósanna scríbhneoireachta cothaithe aige  'na scéalta próis a scríobhaim, bíonn siad dorcha go leor agus ansin na rudaí a chuirim ar stáitse ag an Oireachtas, bíonn siad greannmhar, nó tá siad in ainm agus a bheith greannmhar, pé scéal é.'

Thug an t-údar blaiseadh dá dhaltaí sular foilsíodh iad ar mhaithe le cruinneas ach go háirithe maidir le ceist na n-emojis... ar eagla go mbeadh cuma seanfhaiseanta ar an téacs!  

Maidir le réim teanga, deir Ógie go mbíonn claonadh aige ar shimplíocht agus go mbíonn sé 'ar m'intinn agam gur foghlaimeoirí a bheidh á léamh ach bainim triail as rud nó dhó canúnach a shleamhnú isteach, faoi shrón an eagarthóra.'

Is féidir leat cóip den chnuasach a cheannach anseo. 

Craoltar An Saol Ó Dheas 12:08 - 13:00 Luan - Aoine ar Raidió na Gaeltachta.