Ní gach duine a bhfuil dúil acu in litríocht dhuairc Mc Gahern (mar atá ag Áine!) Ní gach duine ach oiread a bhfuil spéis fianta acu in Robert Ballagh nó in Tracey Emin. Mar sin féin, tá foirmle ealaíne ann do gach uile dhuine againn.

Labhair Áine, Sinéad agus Siún faoi na healaíontóirí a chuaigh i bhfeidhm orthu agus ceistíonn siad mar a chaith siad a saoil ina measc, Patrick Kavanagh, Maeve Brennan, Brian Ó Nualláin; an é nach féidir le healaíontóirí a bheith sona?!!