D'éirigh linn Áine a tharraingt ó Ghaoth Dobhair agus don chéad uair, tá an triúr láithreoirí, Sinéad, Siún agus Áine in aon seomra!  Tá siad ag caint faoi na celebs is fearr leo, an rachadh siad faoin scian agus eile!

Taitníonn Dolly Parton go mór mór le Siún mar nach dtógann sí í féin ródháiríre agus ba mhaith le Sinéad a fháil amach an bhfuil fírinne ar bith sna ráflaí go bhfuil Dolly lán tattoos. 

Idir í, Rod Stewart agus na Spice Girls, tá go leor le plé ag an triúr an tseachtain seo!

Bígí i dteagmháil linn ag beopodchraoladh@rte.ie nó ar Instagram @podchraoladh