An rachfá ar saoire leat féin? Tá amhlaidh déanta ag beirt den triúr a chuireann Beo ar Éigean... i láthair agus tá idir éad agus faitíos ar an mbean eile nach bhfuil sé déanta aici féin go dtí seo!

"chomh luath agus a d'inis mé do dhaoine go raibh 'dhul an camino a dhéanamh, bhí siad ar fad ag comhairle orm gan dul"

Sa tríú heagrán den phodchraoladh, labhrann Áine, Sinéad agus Siún faoin saoire is fearr a bhí acu, na háiteanna ar mhaith leo cuairt a thabhairt uirthi agus ag dul i ngleic le huaigneas nuair a bhuaileann sé tú.

Agus mar is dual do mhná Bheo ar Éigean... tá sidebar beag ann nach mbeifeá ag súil leis i. Bás James Gandolfini sa Róimh!

Bígí ag caint linn @beopodchraoladh@rte.ie nó ar Instagram ag @beopodchraoladh