Tá laigí agus láidreachtaí againn ar fad agus cén fáth an ndíríonn muid ar na laigí seachas níos mó a dhéanamh de na rudaí a thagann go nádúrtha linn? An bhfuil bealach ann gan comparáid a dhéanamh idir muid agus an chéad duine eile? 

Tá Áine, Siún agus Sinéad ag cur comhairle orthu féin an iarraidh seo, nó ar leaganacha níos óige dóibh féin (ag glacadh leis go n-éisteóidís leis an gcomhairle chéanna!)

Ag féachaint siar i measc an triúr acu, d'admhaigh duine acu go raibh sí "millteanach nerdy", duine eile nach bhfaca sí éagothromaíocht sa scoil, agus duine eile nár chaith go leor ama nó fuinnimh ag sú chultúr a muintir agus na ndaoine maguaird ina hóige. 

"Ní bhíonn 'fhios agat 'bhfuil tú ag teacht nó ag imeacht"

Is féidir aiseolas nó moltaí a chur chugainn ag beopodchraoladh@rte.ie nó muid a leanúint ar Instagram @beopodchraoladh