Tá Laurel Halo, ó Ann Arbor, Michigan ó dhúchas ar cheann de na cumadóirí ceoil is cumasaí dá bhfuil ann.  N’fheadar aon duine cé’n stíl ceoil a bheidh faoi chaibideal aici ó albam go h-albam. 

Bhí gnéithe de snag-cheol le clos cníotáilte le techno ar a h-albam Chance Of Rain sa bhliain 2013, ach ba pop-amhráin aisteacha - dála Arthur Russell fadó - is mó a bhí le clos ar a céad-alabam Quarantine a tháinig amach an bhliain roimhe sin.Anois tá a faidcheirnín is déanaí Dust díreach eisithe ag lipéad Hyperdub agus cé go bhfuil an stíl níos cóngraí don gceol a bhí le clos ar a début, tá neart ceoltóirí is amhránaithe eile le clos ina teannta ar a saothar seo don gcéad uair. 

Ar an gcéad cúpla éisteacht, is é ‘Jelly’ a sheasann amach, áit atá glór Klein (amhránaí R&B ó Londain) is guth Lafawndah ó Brooklyn le clos ag amhrán i dteannta Laurel (ní raibh a guth le clos in aon chor ar a h-albam deirenach), anuas ar bhuillí cruthaithe ag Eli Keszler.Fágaimís an focal scoir ag an bhfíseán foclach seo, cruthaithe ag Bureau Borsche.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.